Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Tá #CeannaighDúnnanGall ar ais

27 Meán Fómhair 2021 - Tá #CeannaighDúnnanGall ar ais!

 

Ag leanúint ón fheachtas thar a bheith rathúil in 2020 tá #CeannaighDúnnanGall ag pilleadh arís in 2021, ag taispeáint an chuid is fearr de shaol gnó Dhún na nGall! Tugann an feachtas deis do ghnólachtaí ar fud an chontae aird a tharraingt ar a réimse táirgí agus seirbhísí spreagúla agus nuálacha, agus níos tábhachtaí fós, mealltar daoine lena gceannach. Beidh an tionscnamh, atá forbartha ag Comhairle Contae Dhún na nGall, ar siúl ón Aoine 5 Samhain agus leanfaidh sé suas go dtí deireadh mhí na Nollag, rud a chinnteoidh go mbeidh neart ama ag daoine na stocaí Nollag a líonadh!

 

 

‘Is ardán iontach é #CeannaighDúnnanGall trína dtig le gnólachtaí de chuid Dhún na nGall a gceardaíocht, a nuálaíocht agus a dtarraingteacht a chur ar taispeáint. Ghlac cuid mhór gnólachtaí agus baill den phobal páirt san fheachtas anuraidh leis an fhiontraíocht sa chontae a chur chun cinn le chéile. Tabharfaidh 2021 deis dúinn tógáil ar an chéad fheachtas sin agus tuilleadh spéise a chothú in #CeannaighDúnnanGall’, arsa an Clr. Jack Murray, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 



Tugann #CeannaighDúnnanGall deis iontach do thomhaltóirí féirín speisialta de chuid Dhún na nGall a cheannach in am don Nollaig, agus tacaíonn sé leis an gheilleagar áitiúil chomh maith. Tacaíonn sé le réimse fiontar amhail lucht déanta agus deartha bia agus deochanna, soláthróirí turasóireachta agus miondíoltóirí. Beidh feachtas cuimsitheachta margaíochta ar líne mar chuid den togra, chomh maith le suíomh gréasáin ar leith buydonegal.com mar a dtig le tomhaltóirí níos mó eolais a fháil faoi chuid de na táirgí agus seirbhísí den chéad scoth atá ar fáil ó Dhún na nGall. Logáil isteach anois le heolas a fháil faoi chuid de na gnólachtaí iontacha atá páirteach agus tosaigh do liosta siopadóireachta féin roimh thoiseacht an tionscadail i mí na Samhna.

 


Dúirt Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta agus Córas Faisnéise ag Comhairle Contae Dhún na nGall an méid seo: ‘thug breis agus 250 gnólacht tacaíocht do #CeannaighDúnnanGall in 2020 agus thug sé cuidiú mór do phobal gnó Dhún na nGall. Thug teachtaireacht dhearfach an fheachtais cuidiú iontach chan amháin do mhuintir Dhún na nGall agus don Diaspóra s’againn, ach go hidirnáisiúnta fosta.’

 

 

Do mhuintir Dhún na nGall, sa bhaile agus thar sáile, níl le déanamh acu chun tacú leis an fheachtas agus le gnólachtaí de chuid Dhún na nGall ach táirge nó seirbhís de chuid Dhún na nGall a cheannach agus íomhá de sin a chur ar na meáin shóisialta i gcomhar leis an haischlib #CeannaighDúnnanGall nó i mBéarla #BuyDonegal.

 



Do na gnólachtaí sin as Dún na nGall nár chláraigh leis an fheachtas go fóill, tabhairt cuairt le do thoil ar https://donegal.ie/businessportal le do shonraí a chlárú.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO