Tá Oifig Scannán Dhún na nGall i gComhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhar le ITLC agus á mhaoiniú ag Éire Ildánacha, ag reáchtáil seisiúin eolais a bhfuil de chuspóir les an doiléireacht agus an mhistéir a bhaint den phróiseas chun iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú agus tacú le lucht déanta scannán cuid de na botúin choitianta a sheachaint. Beidh an seisiún á óstáil ag Sarah Dillon.
Beidh gá ag chóir a bheith gach déantóir scannán agus gach léiritheoir ábhair iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú am éigin. Is cuma cé acu tá tú ag déanamh iarratais chuig d’oifig scannán áitiúil, ciste réigiúnach scannán, gníomhaireacht náisiúnta nó gníomhaireacht Eorpach, teipeann ar go leor iarratas – ní cionn is nach dtaitníonn an smaointiú leis an eagras maoinithe, ach cionn is go dteipeann ar an iarratas seasamh amach ón slua. Tá sé de chuspóir ag an seisiún seo an próiseas iarratais a shoiléiriú, an mhistéir a bhaint de, agus tacú leat cuid de na botúin is coitianta a sheachaint le seans níos fearr a thabhairt duit i d’iarratas.
Sarah Dillon
Tá cúig bliana déag de thaithí ag Sarah i dtionscal an scáileáin, agus ceapadh í ina Bainisteoir Forbartha ar Chiste Léiritheoirí Closamhairc Réigiún an Iarthair (Ciste WRAP) i mí Aibreáin 2018. Is ciste réigiúnach é seo le haghaidh Iarthar na hÉireann agus soláthraíonn sé infheistíocht léiriúcháin ar théarmaí tráchtála chun tacú le scannáin, teilifís, beochan agus cluichí.
I measc na léiriúchán a raibh rath orthu go dtí seo tá ainmniúcháin BAFTA agus IFTA bainte ag Calm With Horses, an-rath ar Two By Two: Overboard!, agus rath idirnáisiúnta ar an dráma teilifíse Smother.
Roimhe sin, bhí Sarah ina Feidhmeannach Léiriúcháin agus Forbartha ag Fís Éireann (Bord Scannán na hÉireann roimhe seo), freagrach as bainistiú a dhéanamh ar réimse de thionscadail mhaoinithe a bhfuil ina measc scannáin lánfhada, teilifís, beochan agus cláir faisnéise.
Beidh an Seisiún ar siúl Déardaoin 25 Samhain 2021 18:00 – 20:00 @ Seomra Léachtaí 1101, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, Bóthar an Phoirt, Leitir Ceanainn.
Cláraigh ag:
https://www.eventbrite.ie/e/making-film-applications-funding-demystified-tickets-211610922967