Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Seanrothair á lorg

29-09-21 – Rothair láidre théagartha á lorg le haghaidh Achainí Bhliantúil Chumann Rótaraí Leitir Ceanainn ar Rothair Scoile don Afraic!

 

Arís eile, tá lúcháir ar Chumann Rótaraí Leitir Ceanainn a fhógairt, i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall agus Athchúrsáil Bryson, go bhfuil an Achainí Bhliantúil ar Rothair Scoile don Afraic ar oscailt. Tá an achainí bhliantúil á seoladh i mí Dheireadh Fómhair i mbliana chun bheith ar siúl san am céanna le Mí Náisiúnta na hAthúsáide.
Mar ab amhlaidh sna blianta roimhe seo, ba chóir go mbeadh na rothair, atá le hathchóiriú, láidir agus téagartha, de stíl rothar sléibhe, méid an rotha a bheith 24” ar a laghad agus boinn de chineál rothar sléibhe a bheith orthu. Níltear ar lorg rothair de stíl rásaíochta mar chuid den bhailiúchán seo. Is féidir rothair chuí a fhágáil ag aon cheann de na sé cinn d’Ionaid Athchúrsála de chuid na Comhairle (An Lathaigh, An Clochán Liath, Carn Domhnach, Srath an Urláir, Leitir Ceanainn agus Baile na nGallóglach). Seiceáil d’ionad áitiúil le haghaidh uaireanta oscailte, féach www.donegalcoco.ie nó www.brysonrecycling.org. Dúirt Connie Gallagher, Bainisteoir le hAthchúrsáil Bryson: ‘Tá lúcháir orainn leis an rath a bhí ar an tionscadal seo sna blianta atá thart agus tá muid ag tacú go hiomlán leis an achainí úr seo agus tá muid ag súil le freagairt mhaith i leith an tionscadail arís eile.’

 


‘Cé nach bhfuil ach méideanna áirithe agus caighdeáin áirithe rothar ag fóirstean, cuidíonn na hionaid áitiúla go mór le é dhéanamh níos fusa do dhaoine rothair a fhágáil, agus ós rud é fosta go bhfuil spás breise stórála ann agus go bhfuil Óglaigh na hÉireann ag cuidiú lena n-iompar go Teach an Locháin, is cinnte go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh againn i dtaca le líon na rothar a dtig linn glacadh leo’, a dúirt Ed Wickes, Uachtarán ar Chumann Rótaraí Leitir Ceanainn. Tá Dún na nGall i measc aon chontae dhéag a ghlacann páirt san achainí náisiúnta seo ar fud na tíre.

 


Tabharfaidh Óglaigh na hÉireann na rothair dheonaithe chuig Teach an Locháin, Co. an Chabháin, ar ceann de na hIonaid Oscailte Phríosúin é, áit a ndéanfaidh cimí iad a athchóiriú sula seolfar iad ar long chun na Gaimbia. Go dtí seo, tá thart ar 5000 rothar seolta chun na hAfraice ag an Chumann Rótaraí, agus bhí Seirbhís Phríosúin na hÉireann, trí Theach an Locháin, páirteach ón tús.

 

 

Chuir Rótaraí na hÉireann lena gcoimitmint chun rothair, nach bhfuil ag teastáil níos mó, a bhailiú, a athchóiriú agus a sheachadadh chuig páistí scoile san Afraic le go mbeidh deis acu saol níos fearr a bheith acu agus lena lán deiseanna úra a chur ar fáil dóibh. De bharr go mbíonn ar chuid mhór acu turas fada a dhéanamh chuig an scoil agus uaithi, go minic in aimsir iontach brothallach ar fad, agus go dtig leis seo a bheith an-chrua orthu de shiúl na gcos, is féidir le rothar difríocht mhór a dhéanamh don dalta agus don teaghlach araon mar gur féidir leis a úsáid ar dhóigheanna eile chun cuidiú a thabhairt dá gcuid pobal.

 


Agus rothair á gcur ar fáil do na páistí seo chun dul ar scoil, tá an Cumann Rótaraí ag cuidiú leo siúd níos cóngaraí don bhaile fosta, mar atá, na cimí in Ionad Oscailte Theach an Locháin, Co. an Chabháin, atá ag fáil deise chun cur lena gcuid oideachais féin. Nuair a ghlacann siad páirt sa tionscadal seo, ligeann sin dóibh staidéar a dhéanamh i dtreo cúrsa Guilds FETAC ar Mheicnic Rothair, rud a chuideoidh lena n-ullmhú chun pilleadh ar an tsochaí arís agus b’fhéidir rud a chuirfeadh lena ndeiseanna fostaíochta san fhadtéarma, chomh maith leis an sásamh a bhaineann le bheith ag obair ar a leithéid de thionscadal fiúntach carthanach.

 

 

Is é a dúirt Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Comhshaoil ag Comhairle Contae Dhún na nGall: ‘is tionscnamh iontach é seo le bheith páirteach ann, agus tá sé ag teacht go foirfe le cuspóirí agus le héiteas Mhí na hAthúsáide. Tá lúcháir orainn deis a bheith againn leanúint linn a bheith páirteach leis an Rótaraí agus leis an fheachtas seo, mar gur feachtas iontach dearfach atá ann. D’éirigh leis an Chomhairle ina hiarratas ar mhaoiniú faoin Tionscnamh Frith-Dhumpála, trína mbeifear in ann líon níos mó rothar fóirsteanach a bhailiú ag gach ceann de na sé cinn d’Ionaid Athchúrsála de chuid na Comhairle. Tríd an mhaoiniú breise faoin Tionscnamh Frith-Dhumpála beifear in ann síneadh a chur leis an tionscadal seo i ndiaidh mhí Dheireadh Fómhair. Tá sé tábhachtach go dtugann daoine aird ar na cineálacha rothair atáthar a iarraidh arís eile i mbliana;



• Rothair láidre théagartha a thig cur suas le talamh garbh,


• Rothair a fhóireann do dhaltaí bunscoile agus meánscoile araon, agus méid rotha is lú de 24”.


• É a bheith i staid réasúnta


• Boinn de dhéanamh rothar sléibhe a bheith air


Fá choinne eolais maidir le huaireanta oifige ag d’Ionad Athchúrsála áitiúil féach www.donegalcoco.iehttps://www.brysonrecycling.org/donegal-recycling-centres/

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO