Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Scéimeanna Faoisimh Tuilte

27-09-21 – Scéimeanna Faoisimh Tuilte do Bhealach Féich – Srath an Urláir, Bun Cranncha agus Ráth Mealtain – An Chéad Chomhairliúchán 27 Meán Fómhair 2021 go dtí 22 Deireadh Fómhair 2021

 

Tá Scéimeanna Faoisimh Tuilte Bhealach Féich – Srath an Urláir, Bun Cranncha agus Ráth Mealtain á dtabhairt chun tosaigh ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí. Tá na comhlachtaí comhairleoireachta Byrne Looby / Arcadis ceaptha le scéim faoisimh tuilte a dhearadh do gach pobal, ar dhóigh atá inghlactha go teicniúil, go sóisialta, go heacnamaíoch agus i dtaca leis an timpeallacht.

 

 

Tá an tionscadal ag Céim 1 faoi láthair ‘Anailís agus Forbairt na Scéime’. Is é atá i gceist leis seo ná eolas a bhailiú agus suirbhéanna a dhéanamh, múnlú mionsonraitheach aibhneacha, agus an chéad teagmháil leis an phobal le bonn eolais a chur faoin Scéim agus leis an rogha scéime is fearr a aithint. Is éan aidhm ná a chinntiú go bhfuil an dearadh bunaithe ar an eolas agus ar an anailís is déanaí atá ar fáil agus go nglactar san áireamh tuairimí na bpáirtithe leasmhara agus an phobail i dtaca le tuilte, dearadh agus constaicí comhshaoil, chomh luath agus is féidir sa phróiseas.

 

 

Chuige seo, tá an Chomhairle Contae ag seoladh na Chéad Tréimhse Comhairliúcháin Phoiblí a bheas ar siúl ón 27 Meán Fómhair go dtí an 22 Deireadh Fómhair 2021. Tá eolas faoin tionscadal, ábhair chomhairliúcháin agus ceistneoir ar fáil ar shuíomhanna gréasáin an tionscadail:

 

 

 

 

 

 

 

 

Táthar ag súil go bhfaighfear aiseolas ón phobal agus ó pháirtithe leasmhara trí cheistneoirí ar líne nó trí chomhfhreagras chuig foireann an tionscadail. Cuireadh pacáistí comhairliúcháin i bhfoirm chóip chrua chuig tithe agus chuig gnólachtaí i gceantracha na Scéimeanna dóibh siúd arbh fhearr leo aighneachtaí a dhéanamh trí phost saor in aisce, trí ríomhphost nó ar an ghuthán.

 



Molaimid d’éinne ar spéis leo na Scéimeanna seo a gcuid tuairimí nó aon eolas a d’fhéadfadh a bheith acu a sheoladh isteach. Beidh sé sin ina chuidiú mór chun bonn eolais a chur faoi dhearadh na scéime chomh luath agus is féidir.

 


Dá mba mhaith leat bualadh le ball d’fhoireann an tionscadail aghaidh ar aghaidh, beidh ionadaithe i mBealach Féich – Srath an Urláir, Bun Cranncha agus Ráth Mealtain ar na dátaí seo a leanas ó 6pm go dtí 8pm:



1. Bealach Féich – Srath an Urláir: 12 Deireadh Fómhair


2. Ráth Mealtain: 13 Deireadh Fómhair


3. Bun Cranncha: 14 Deireadh Fómhair

 

Tabhair faoi deara gur ar iarratas agus trí choinne amháin a shocrófar cruinnithe aghaidh ar aghaidh. Más mian leat coinne a dhéanamh, déan teagmháil le hAonad Scéimeanna Faoisimh Tuilte Chomhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9153900 nó trí ríomhphost [email protected].



Beidh tréimhse bhreise chomhairliúcháin phoiblí ar siúl ag deireadh Céim 1 nuair a bheas na Scéimeanna Roghnaithe aitheanta.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO