Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Réaltaí Samhraidh 2021

9 Meitheamh 2021 - Réaltaí Samhraidh 2021

Cuirfidh Seirbhísí Leabharlainne Dhún na nGall sraith d’imeachtaí spreagúla ar fáil i rith mhí Iúil agus Lúnasa do pháistí, le ceiliúradh a dhéanamh ar Eachtra Léitheoireachta Réaltaí Samhraidh. Cuirfear tús le Realtaí Samhraidh ar an Luan 14 Meitheamh 2021.

 

Dúirt an Cathaoirleach Rena Donaghey, “Tá luchair ar Chomhairle Contae Dhún na nGall an clár litearthachta iontach seo a sheoladh. Le himeachtaí iontacha ar líne agus earraí saor in aisce, tá mé cinnte go mbainfidh na páistí sult as páirt a ghlacadh i Réaltaí Samhraidh. Nach iontach an rud é ár leabharlanna a fheiceáil i ndiaidh dúinn tosú ar athoscailt de réir a chéile. Cuireann an tseirbhís leabharlainne réimse leathan seirbhísí den scoth ar fáil do achan duine sa phobal.”

 

Trí pháistí a chur i mbun gníomhaíochtaí litearthachta i rith an tsamhraidh, tugaimid deiseanna dóibh feasacht teanga a thógáil, stór focal a dhoimhniú agus líofacht léitheoireachta a fheabhsú. D’fhorbair ár seirbhís leabharlainne an clár seo le fócas ar an chothromaíocht cheart a fháil idir an rud atá sábháilte, an rud atá lán de spraoi, agus iarracht a dhéanamh ceangal le feachtas ‘Coinnigh Folláine’ an Rialtais - ag coinneáil gníomhach, ag fanacht ceangailte, ag déanamh scíste, ag ithe go maith agus ag tabhairt aire do do ghiúmar.

 

Tugtar cuireadh d’achan leanbh ar fud na tíre a bheith páirteach agus taitneamh a bhaint as an spraoi agus as an phléisiúr a bhaineann le léamh agus scríobh i rith an tsamhraidh. Níl aon ghné iomaíochta ann le Réaltaí an tSamhraidh agus meastar go bhfuil an clár críochnaithe ag leanbh ar bith a léann fiú leabhar amháin - agus tá sé ar fad saor in aisce!

 

I mbliana, tá Réaltaí Samhraidh ag ceiliúradh samhlaíocht pháistí trí chomórtas gearrscéalta a reáchtáil. In áit scéal a scríobh le teideal áirithe, iarrtar ar pháistí an líne thosaigh seo a leanas a úsáid: As na háiteanna go léir ar an domhan, níor shíl mé riamh go mbeinn anseo… Tá trí chatagóir aoise ann le duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus don dara háit. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar [email protected]

 

Tá go leor closleabhair agus r-leabhair iontacha ar fáil le cuidiú leat éalú tríd an aip iontach BorrowBox. Ag baint úsáid as an aip, faigh leabhar ar iasacht, léigh agus éist le Bailiúchán Réaltaí an tSamhraidh de ríomhleabhair agus leabhair r-fhuaime do leanaí. Tá sé seo saor in aisce do gach ball agus is féidir le daoine nach baill iad a bheith páirteach ar líne saor in aisce ag https://www.librariesireland.ie/join-your-library



Chuir muid dhá imeacht scoile san áireamh inár gclár i mbliana mar go bhfuil srianta COVID-19 á maolú go cúramach, dá bhrí sin b’fhéidir nach bhfaigheann páistí an deis dul ar thuras scoile i mbliana agus mar sin theastaigh uainn iarracht a dheanámh an spleodar, an spraoi agus an gáire a thabhairt chuig bunscoileanna ar fud an chontae.

 

Maidir le ranganna 5 agus 6, labhróidh an t-údar mór le rá Robert Muchamore faoin dóigh a ndearnadh scríbhneoir de, ó bheith ina dhéagóir uaillmhianach ach gan dóchas, go dtí rath ollmhór a shraithe CHERUB agus an tsraith is déanaí s’aige Robin Hood, agus an tuige ar roghnaigh sé an finscéal a ath-insint do ghlúin úr léitheoirí.

 

Do pháistí níos óige tabharfaidh Joe agus Willow ón Big Pants Theatre Company casadh nua ar fad do scéalta traidisiúnta! Is scéalaíocht é le gné d’oideachas PSHE (Pearsanta, Sóisialta, Sláinte agus Eacnamaíoch), chomh maith le rud beag staire… agus níl banphrionsa ar bith lag nó faiteach le feiceáil sa scéal. Tugann an seó seo tacaíocht don litearthacht agus ceiliúrann sé í.

 

Is féidir le páistí agus teaghlaigh fáil amach caidé eile atá beartaithe ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall do Réaltáí Samhraidh ar ár suíomh gréasáin www.donegallibrary.ie agus is féidir leo muid a leanúint trínár gcuntais Facebook agus Twitter.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO