De réir mar a thiocfaidh laghdú ar na srianta Covid 19, beidh Ionaid Seirbhísí Poiblí na Comhairle, agus Teach an Chontae, Leifear, ag athoscailt don phobal ag toiseacht Dé Luain 20 Meán Fómhair 2021.
Lena chinntiú go gcuirfear seirbhísí ar fáil i dtimpeallacht atá sábháilte do chustaiméirí agus do bhaill foirne, táthar ag dréim go mbeidh custaiméirí ag cloí le treoirlínte sláinte poiblí, ina measc díghalrú na lámh, an scaradh sóisialta agus treoracha ó oibrithe de chuid na Comhairle a leanúint.
Aithnítear gur thosaigh cuid mhór custaiméirí ag déanamh a ngnoithe leis an Chomhairle trí ríomhphost, ar an suíomh gréasáin nó trí bhealaí fíorúla eile le linn Covid 19, agus leanfar leis na seirbhísí ar líne sin agus tabharfar tacaíocht láidir dóibh.
Seirbhís Mótarchánach
Ar líne
Baineadh úsáid go mór as an chóras ar líne ó druideadh na hoifigí, agus déantar beagnach 90% de dhioscaí cánach a athnuachan ar líne sa chontae anois. Táthar ag iarraidh ar an phobal leanúint leis an tseirbhís ghasta seo.
Oifigí Mótarchánach ag oscailt
Le haghaidh seirbhísí Mótarchánach nach bhfuil ar fáil ar líne faoi láthair, beidh oifigí Mótarchánach oscailte ar an Mháirt agus ar an Déardaoin (9.15am to 12.15pm, and 1.15pm to 3pm).
Foirmeacha agus sonraí teagmhála
Tá gach foirm ar fáil ar www.donegalcoco.ie/services/motortax/, agus thig dul i dteagmháil linn ar an ghuthán ar 0749153900, nó trí ríomhphost ag [email protected].
D’fhéadfadh na socruithe atá againn a athrú le fógra gairid. Leanfaidh an Chomhairle ag monatóireacht, ag athbhreithniú agus ag athrú de réir mar is cuí, ar mhaithe lenár gcuid oibrithe, custaiméirí agus an pobal i gcoitinne.