Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Oíche Chultúir i nDún na nGall

Oíche Chultúir i nDún na nGall

 

Tá Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall lena 13ú clár imeachtaí bliantúil d’Oíche Chultúir a chur i láthair oíche Dé hAoine seo anois, 17 Meán Fómhair. Bíonn an oíche iontach seo d’imeachtaí cultúrtha ar siúl uair sa bhliain mar chuid de cheiliúradh náisiúnta ar na healaíona, ar an oidhreacht agus ar an chultúr. I nDún na nGall, tá líon maith daoine ag clárú i rith an ama do na himeachtaí, agus tá cuid acu, amhail an Alchemist i bPáirc Bhaile Leitir Ceanainn, díolta amach cheana féin. Tá teorainn leis an líon daoine a thig freastal ar imeachtaí beo ar an oíche, agus mar sin de, tá gá le clárú roimh ré d’imeachtaí den chineál sin.


Cé go bhfuil gach imeacht ar Oíche Chultúir saor in aisce, fanann go leor srianta Covid 19 i bhfeidhm agus tá an lucht eagraithe ag iarraidh ar gach cuairteoir chuig imeachtaí beo de chuid Oíche Chultúir cloí le gach prótacal agus gach treoir atá curtha i bhfeidhm ag na hionaid rannpháirteacha, ar mhaithe le sábháilteacht phoiblí.

 

 

 

CUIREANN JUNK KOUTURE I LÁTHAIR: SÁRTHAISPEÁNTAS JUNK KOUTURE

 


Beidh Junk Kouture, an clár óige cruthaitheach domhanda, ag glacadh seilbh ar spásanna éagsúla ar fud Leitir Ceanainn le linn Oíche Chultúir, agus iad ag taispeáint dearthaí iontacha ó dhaltaí scoile san iarthuaisceart. Tá scéal iontach bainte le achan dearadh faoin dóigh a ndearnadh na hábhair a chlaochlú ó ‘bhruscar’ go ‘couture’, uilig ag daltaí idir 13-18 mbliana d’aois. Beidh na dearthaí ar taispeáint in ionaid éagsúla i Leitir Ceanainn, a bhfuil ina measc Seandachtaí agus Seodra na Moirne, Siopa Dearthaí agus Féiríní Éireannacha Amelia, agus in ionaid ar Lána na hEaglaise. Déan teagmháil le [email protected] faoi choinne tuilleadh eolais.



AMHARCLANN AN GHRIANÁIN



Ar Oíche Chultúir, cuirfidh Compántas Óige an Ghrianáin agus Acadamh On Cue an Gentleman Pirate le Niamh Langan a chur i láthair. Bain sult as scéal Stede Bonnet, píoráid uasal a raibh de chlú air nach raibh sé maith ar chor ar bith ag an phíoráideacht, agus faigh amach cad é a tharlaíonn nuair a chastar an laoch Féasóg Dhubh air. Ticéid SAOR IN AISCE ach is gá áirithint a dhéanamh. Cuir scairt ar 074 91 20777 nó gabh chuig http://www.angrianan.com/.



AN LÁRLEABHARLANN, LEITIR CEANAINN


Glac chugat féin spiorad an tsorcais ag an Lár-Leabharlann le Seó an Dr Proctor le hOrson Sterritt. Bí i gcuideacht an Dr Proctor le haghaidh spraoi sorcais agus neart draíochta, lámhchleasaíochta, cleasghleacaíochta, agus roinnt iontas fosta! Beidh ceithre sheó 15 bhomaite, ag toiseacht ar 6pm. Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré mar go bhfuil spásanna teoranta. Déan teagmháil leis an Lár-Leabharlann le háit a chur in áirithe ar 074 9124950.



CEATHRÚ NA hARD-EAGLAISE


Tosaíonn ‘Eispéireas Cheathrú na hArd-Eaglaise’, arna chur i láthair ag Compántas Elusive, ar 6.30pm taobh amuigh d’Uimhir 1 Lána na hEaglaise. Gabh ag siúl le Laochra Leitir Ceanainn, mar go gcuireann Compántas Elusive turas ar fáil atá gairid ó thaobh achair de ach atá lán de stair shaibhir dhomhain. Buail le pearsana ón am atá caite agus foghlaim faoi imeachtaí a d’imir tionchar ar an saol inniu. Tá an ócáid lasmuigh seo teoranta do 20 duine, i meithleacha nó i ngrúpaí. Is gá clárú roimh ré trí dhul i dteagmháil le Donnan Harvey ar 086 345 2457.


Lena chois sin, mar chuid d’Oíche Chultúir i gCeathrú na hArd-Eaglaise, nochtfar go hoifigiúil plaic a bronnadh ar an ghrúpa nuair a fuair siad Ard-Mholadh le Gradam an Uachtaráin ó Institiúid Phleanála na hÉireann. Beidh an searmanas nochtaithe ag toiseacht ar 8pm.



DÁNLANN NA GLÉIBE


Beidh Dánlann na Gléibe oscailte idir 6pm-8pm le deis iontach a thabhairt do dhaoine féachaint ar an taispeántas reatha atá ann, mar atá Turas nó Journey. Tá triúr ealaíontóirí bainte leis an taispeántas comhaimseartha seo, is iad sin, Bassam Al-Sabah, Aideen Barry agus Sean Hillen.
Beidh idirghabháil fuaime ann fosta leis an ealaíontóir Sven Anderson, ag tarraingt ar bhailiúchán ceirníní Derek Hill, i nGarraí na Gléibe. Is gá clárú roimh ré, déan teagmháil le +353 74 913 7071 nó faigh tuilleadh eolais anseo http://glebegallery.ie/.



AN tIONAD CULTÚRTHA RÉIGIÚNACH

 


Ag leanstan ó dhá thaispeántas ‘Is mise Dún na nGall’ in 2018 agus ‘Nuair a bhí mé óg’ in 2019, thug an t-ealaíontóir as Leitir Ceanainn Peadar McDaid cuireadh do 50 ealaíontóir saothar ealaíne a chruthú bunaithe ar an téama ‘Portráid Díom Féin’, a nochtfar san Ionad Cultúrtha Réigiúnach ar Oíche Chultúir.



TEACH NA nAMHRÁN


Bhíodh Tithe Airneáil go láidir ar fud na hÉireann lá den tsaol. Ar Oíche Chultúir, beidh Teach na nAmhrán ina Theach Airneáil digiteach nuair a bheas an scéalaí agus bean ghrinn Ita Fitsmahony ag cur seó-aon-mhná-amháin i láthair, ag díriú ar mhná sa bhéaloideas agus sa scéalaíocht. Is minic nach dtugtar a n-áit cheart do mhná sa traidisiún.


Déan teagmháil le info@thesonghouseireland más maith leat a bheith páirteach nó cuir do shuim in iúl mar bhreathnóir. Beidh an ócáid ar siúl idir 7.30pm – 8.30pm ar Zúm. Le haghaidh clár iomlán imeachtaí gabh chuig https://culturenight.ie/events/donegal/ nó féach an bróisiúr anseo



Tá Oíche Chultúir curtha ar fáil duit ag an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirt le Comhairle Contae Dhún na nGall

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO