Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Maoiniú fógartha le haghaidh 5 shéadchomhartha

22-06-21 Maoiniú fógartha le cúig shéadchomhartha seandálaíochta a chaomhnú

 

 

Funding announcement Malin Well

Faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail, tá maoiniú faighte ag Cumann Pobail Chionn Mhálanna le tograí mionsonraithe innealtóireachta agus caomhnaithe a dhéanamh chun Eaglais Thobar Mhálanna a shlánú agus a chaomhnú, séadchomhartha seandálaíochta atá faoi úinéireacht phríobháideach i mBaile Uí Ghormáin, Inis Eoghain.

Tá cúig shéadchomhartha seandálaíochta i nDún na nGall ar tí leas a bhaint as breis agus €188,000 de mhaoiniú faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail atá fógartha ag Malcolm Noonan T.D., An tAire Stáit Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchán. Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta é Ciste na Séadchomharthaí Pobail, i gcomhpháirt leis na húdaráis áitiúla.

 

“Tá gach ceann de na séadchomharthaí a fhaigheann maoiniú faoin scéim seo faoi chosaint ag na hAchtanna Séadchomharthaí Náisiúnta” a mhínigh Joseph Gallagher, an tOifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall. “Tá an chuid is mó den 3,400 suíomh seandálaíochta, a bhfuil eolas fúthu i gContae Dhún na nGall, faoi úinéireacht phríobháideach nó faoi chúram príobháideach, agus mar sin de, tugann an scéim seo deis iontach d’úinéirí talún, do choistí pobail nó d’údaráis áitiúla oibreacha caomhnaithe a dhéanamh ar shéadchomharthaí, rochtain níos fearr orthu a spreagadh, a gcuma agus a riocht a fheabhsú, nó seasmhacht na séadchomharthaí a neartú le go mbeidh siad in ann éifeachtaí ón athrú aeráide a sheasamh. Chuir úinéirí, caomhnóirí agus coistí pobail áitiúla suim mhór sa scéim, rud a léiríonn neart na hearnála oidhreachta i gContae Dhún na nGall agus tábhacht na hoidhreachta seandálaíochta don tsochaí, don turasóireacht agus do gheilleagair áitiúla. Cuireadh isteach aon cheann déag d’iarratais phríobháideacha agus phoiblí chuig Comhairle Contae Dhún na nGall le go measfaí iad faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail. Faoi na critéir mheasúnaithe, chuir Comhairle Contae Dhún na nGall sé cinn de thionscadail ar aghaidh chuig Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta lena gcur san áireamh. Tá maoiniú 100% bainte amach ag cúig cinn de na hiarratais a chuir Comhairle Contae Dhún na nGall isteach lena meas.”

 

I mbliana, bhronn Ciste na Séadchomharthaí Pobail €4.2 milliún ar 139 tionscadal ar fud na hÉireann. “Is é is aidhm le Ciste na Séadchomharthaí Pobail ná cuidiú le húinéirí príobháideacha, caomhnóirí, coistí pobail, nó údaráis áitiúla séadchomharthaí seandálaíochta nó suíomhanna stairiúla a chaomhnú, a chothabháil, a chosaint agus a chur i láthair” a dúirt Collette Beattie, Oifigeach Caomhnaithe. “Tá maoiniú bronnta ar Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le Cumann Caomhnaithe Mhainistir Chill Mhic Réanáin (€76,539) le haghaidh oibreacha caomhnaithe ar Eaglais Chill Mhic Réanáin, agus ar Chumann Staire agus Oidhreachta na gCealla Beaga (€50,000) chun Eaglais Chaitríona sna Cealla Beaga a chaomhnú. Tá an dá shuíomh seo faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall. Tá maoiniú bronnta fosta ar Chumann Pobail Chionn Mhálanna (€19,311) chun mionphleananna innealtóireachta agus caomhnaithe a chur i gcrích le Seaneaglais Thobar Mhálanna a shlánú agus a chaomhnú, agus ar Ghrúpa OIdhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall (€22,235) le ráiteas modheolaíochta mionsonraithe a ullmhú chun bonn eolais a chur faoi oibreacha caomhnaithe ar an Dún sa cheantar. Tá an dá shuíomh seo páirteach i Scéim Uchtaithe Séadchomharthaí na Comhairle Oidhreachta. Bronnadh maoiniú fosta ar Choiste Forbartha Dhaingean Uí Dhochartaigh (€20,602) chun foireann ghairmiúil chomhtháite a cheapadh le rochtain phoiblí a éascú go dtí Daingean Uí Dhochartaigh i mBun Cranncha. Is Séadchomhartha Náisiúnta é seo, i measc seacht gcinn déag acu i gContae Dhún na nGall, agus tá sé faoi úinéireacht phríobháideach ach faoi chúram an stáit.”

 

Funding Doon Fort

Tá maoiniú faighte ag Grúpa Oidhreachta agus Staire GAP Dhún na nGall faoi Chiste na Séadchomharthaí Pobail le ráiteas modheolaíochta mionsonraithe a ullmhú chun bonn eolais a chur faoi oibreacha caomhnaithe ar an Dún in aice le Port Nua, séadchomhartha seandálaíochta atá faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta.

                                                                                                                                                                                         

Is gá na hoibreacha caipitil ar fad, agus na tuairiscí, a bheith déanta faoi lár mhí Dheireadh Fómhair agus is iad Oifigí Oidhreachta agus Caomhnaithe Chomhairle Contae Dhún na nGall a dhéanfaidh an obair riaracháin, agus cuirfidh siad comhairle agus tacaíocht ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na dtionscadal seo sna míonna amach romhainn. Dúirt Malcolm Noonan T.D., Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchán: “Tá pobail in achan chontae a thugann cúram agus cosaint dá séadchomharthaí áitiúla agus tá lúcháir ormsa go mbainfidh siad leas as an scéim seo. Agus is mór an tacaíocht é d’earnáil na hoidhreachta, ag cruthú deiseanna fostaíochta sna tionscadail seo le haghaidh seandálaithe, ailtirí caomhnaithe, saoir chloiche, agus ceirdeanna gairmiúla eile. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hÚdaráis Áitiúla as a dtacaíocht do Chiste na Séadchomharthaí Pobail agus as réimse leathan de thionscadail oidhreachta den chéad scoth a chur isteach. Bhí caighdeán iontach sna hiarratais i mbliana ach go háirithe, agus tá lúcháir orm go bhfuil muid in ann mianta na bpobal ar fud na tíre a shásamh i dtaca le cúram agus cosaint a thabhairt dá n-oidhreacht.”                                          

 

Más mian leat eolas a fháil faoi na séadchomharthaí seandálaíochta a bhfuil eolas fúthu i do cheantar, thig leat féachaint ar shuíomh idirlín Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ar www.archaeology.ie.  Is gá cead a fháil roimh ré, ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, chun aon obair a dhéanamh ar shéadchomhartha náisiúnta nó in aice leis. Más tusa an t-úinéir nó an caomhnóir ar aon séadchomhartha seandálaíochta nó ar aon suíomh stairiúil, nó má tá tú páirteach le coiste pobail ar mhaith leo an oidhreacht seandálaíochta áitiúil a chaomhnú, tá comhairle ar fáil ó Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall trí ríomhphost ar [email protected] nó ar (074) 917 2576.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO