Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Glasbhealach Bhun Cranncha

14-06-21 Comhairle Contae Dhún na nGall ar sprioc leis an iarratas pleanála le haghaidh ghlasbhealach Bhun Cranncha a chur isteach in 2021

 

Tá deimhnithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuiltear leis an iarratas pleanála don ghlasbhealach a nascfaidh Bun Cranncha le Ceann an Droichid – mar chuid den bhealach níos mó ó Chathair Dhoire go Bun Cranncha – a chur isteach chui An Bhord Pleanála i mbliana. Tabharfaidh an bealach seo na codanna sin a bhí maoinithe ag INTERREG chun críche, mar go bhfuiltear a bheag nó a mhór críochnaithe leis an tógáil i Leifear agus cuirfear tús leis an Mhagh le linn an tsamhraidh.

 

Roghnaíodh bealach Bhun Cranncha i ndiaidh gur cuireadh tús le próiseas cuimsitheach comhairliúcháin i mí Feabhra 2018, agus fógraíodh an chonair chéad rogha i mí Iúil 2019. Cé gur tharla moilleanna ar an tionscadal mar gheall ar shrianta Covid, chuaigh an Chomhairle i dteagmháil le húinéirí talún ar feadh na conaire idir mí Iúil 2020 agus mí na Bealtaine 2021, ag déanamh plé faoi na hoibreacha ailínithe agus oibreacha garaíochta is gá a dhéanamh.

 

Fuair an chonair maoiniú trí chlár INTERREG VA an Aontais Eorpaigh, atá á bhainistiú ag Foras Chláir Speisialta an AE (FCSAE). Fuarthas comh-mhaoiniú ón Roinn Bonneagair i dTuaisceart Éireann agus ón Roinn Iompair ó dheas.

 

Déanann an chonair ghlasbhealaigh a roghnaíodh in 2019 nasc idir Ceann an Droichead go Bun na hAbhann, agus ar aghaidh go dtí Tearmann Dúlra Inse, áit a bhfuil sporbhealach amháin ag ailíniú go dtí An Baile Nua, agus leanann an dara hailíniú ar aghaidh go muiríne Fhathna agus tagann chun deiridh os comhair an chladaigh i mBun Cranncha.

 

I mí Mheithimh 2020, chuir Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin isteach an t-iarratas pleanála a nascfaidh isteachsa chuid seo den ghlasbhealach ag Ceann an Droichid, á thabhairt fríd Ionad Spóirt an Teampaill Mhóir agus chun deiridh i dtailte Choláiste Cholm Cille. Ina dhiaidh sin déanfaidh na pleananna do Bhóthar A2 Bhun Cranncha an glasbhealach a nascadh le lána úr comhroinnte a thabharfaidh rothaithe agus coisithe go sábháilte chuig Timpeallán na Cúile Móire, rud a ligfidh d’úsáideoirí nascadh isteach go Páirc Bhóthar an Chuain (agus ar aghaidh go Magh) agus chuig an raon rothar ar leith a thugann úsáideoirí isteach go lár na cathrach ar feadh an Fheabhail.

 

Dúirt Rónán Gallagher, Bainisteoir Cumarsáide don tionscadal glasbhealaigh: ‘Tá an bonneagar trasteorann seo ríthábhachtach d’fhorbairt Réigiún Cathrach an Iarthuaiscirt agus d’fhorbairt Inis Eoghain ach go háirithe. Faoi réir cead pleanála a fháil, beidh ról suntasach aige seo i dtaca le taisteal gníomhach a spreagadh agus san am céanna ag cur le sláinte agus folláine gach duine a úsáidfidh é. Agus an tógáil ar tí toiseacht i Magh, agus plé á dhéanamh faoi chodanna breise a chur chun Bun Cranncha a nascadh le Carn Domhnach agus Magh le Rinn Uí Choigligh, tá cuma agus cruth ag teacht ar an ghréasán in Inis Eoghain. Agus nascfaidh sé le gréasán níos leithne contae atá beartaithe ar fud na gceantracha bardais ar fad.’

 

Is féidir tuilleadh sonraí faoin tionscadal agus faoin chonair roghnaithe ag www.nwgreenway.com.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO