Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Droichead na Mallachán

17-06-21 Droichead Mhín na Mallachán oscailte go hoifigiúil

  

D’oscail Charlie McConalogue TD, Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus an Clr. Rena Donaghey, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Droichead na Mallachán* go hoifigiúil Dé Céadaoin 9 Meitheamh, agus an Clr. Ailbeard Ó Dochartaigh, Cathaoirleach Cheantar Bardais Inis Eoghain i láthair.

 

Le linn tuilte móra in Inis Eoghain i mí Lúnasa 2017, scriosadh Droichead Mhín na Mallachán agus fágadh an pobal áitiúil scoite scartha. Thóg foireann bhóithre Cheantar Bardais Inis Eoghain, de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall, strúchtúr sealadach ar mhaithe le rochtain áitiúil, agus thóg siad droichead úr ina áit. Thug Séamus agus Phillip Devlin, agus a dteaghlaigh, gach cuidiú agus comhoibriú leis na hoibreacha sealadacha agus an droichead úr a thógáil trí thailte riachtanacha a sholáthar le go bhféadfaí na hoibreacha a dhéanamh.

 

Fuair Comhairle Contae Dhún na nGall maoiniú éigeandála ón Rialtas, agus tugaimid aitheantas don tacaíocht shuntasach a fuarthas ón Aire ag an am, Joe McHugh TD, agus don chuidiú a fuarthas ón Roinn Iompair, rud a chuir ar chumas Fhoireann na nDroichead sa Stiúrthóireacht Bóithre agus Iompair seirbhísí comhairleoireachta a fháil ó Roughan agus O’Donovan chun struchtúr úr a dhearadh agus sin a thabhairt chun cinn trí na measúnachtaí comhshaoil agus gnásanna pleanála. Tá an droichead deartha chun tuile a tharlódh uair amháin in aon chéad bliain a sheasamh, leis an dochar a tharla in 2017 a sheachaint arís.

 

Cuireadh na hoibreacha amach ar tairiscint agus bronnadh an conradh tógála ar BAM Civil Engineering. Tá an droichead úr tógtha de réir chaighdeáin dheartha nua-aimseartha, agus tá saol deartha 125 bliain aige, tá sé 7.1m ar leithead agus é á iompar ag 24.3m de struchtúr coincréite réise shingil thar an Chrannach. Glacann sin áit an struchtúir dhá réise a bhí ann roimhe, agus dá bharr sin beidh buntáistí breise aige seo don éiceolaíocht go háitiúil. Bhí an cuidiú agus an comhoibriú ó Bhrendan Maguire agus foireann Iascaigh Intíre Éireann le linn an tionscadail an-tábhachtach leis an droichead úr a chur i gcrích, agus a bheas ar fáil chun freastal ar na glúnta de phobal Mhín na Mallachán san am atá amach romhainn.



Bhí Breandán Ó Domhnaill, Stiúrthóir Seirbhísí, i mbun na hócáide agus le cois na ndaoine a luadh roimhe seo, ghabh an tUas. John McLaughlin, Príomh-Fheidheamannach le Comhairle Contae Dhún na nGall, comhghairdeas agus buíochas le gach duine a bhí páirteach san obair leis an tionscadal a chur i gcrích, agus thug an tUrramach Canónach Judi McGaffin agus an tAthair Francis Bradley, SP, a mbeannacht.

  

Foireann Deartha:   
 Bainisteoir an Tionscadail Joe Kelly 
 Dearthóir Stephen Harper
 Ionadaí na bhFostóirí  Patrick Grennan
 Innealtóir Cónaitheach Paul Lafferty
   
Foireann an Chonartha:  
Stiúrthóir Tógála William Diver
Bainisteoir Conartha Paul McGettigan
Bainisteoir Suímh John Boyle
   

Foireann Bhainistíochta

Chomhairle Contae Dhún na nGall:

 
Innealtór Sinsearach Cliodhna Campbell
Bainisteoir Tionscadail Stephen McCrory
Bainistiú Bóithre CB Inis Eoghain Seamus Hopkins
Bainistiú Bóithre CB Inis Eoghain Eamonn Mahonn
 
* Níl aon leagan oifigiúil faofa Gaeilge le haghaidh 'Meenamulligan' go fóill, ach úsáidtear leagan anseo atá sna nótaí ar logainm.ie  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO