Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Dearadh roghnaithe don Chearnóg i Leitir Ceanainn

14-06-21 Coincheap deartha le Joseph McCallion fógartha ina bhuaiteoir sa Chomórtas Ailtireachta chun Cearnóg an Mhargaidh i Leitir Ceanainn a athshamhlú

 

 

 

Tá lúcháir ar Chomhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, a fhógairt gurb é an coincheap deartha le Joseph McCallion a bhain an comórtas ailtireachta maidir le Cearnóg an Mhargaidh i Leitir Ceanainn a athshamhlú.

 

Seoladh an comórtas i mí Iúil 2020 agus lorg sé moltaí maidir le coincheap deartha chun Cearnóg an Mhargaidh a athdhearadh mar spás poiblí den scoth a mbeadh daoine ag iarraidh sult a bhaint as agus am a chaitheamh ann.

 

Dúirt Michael Margey, Uachtarán ar Chomhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn: ‘Tá lúcháir ar Chomhlachas Leitir Ceanainn a bheith i gceannas ar an togra seo agus baint a bheith againn leis an obair chun lár baile Leitir Ceanainn a fheabhsú mar áit a dtig rath agus bláth a bheith ar an saol gnó agus ar shaol na ndaoine. Tá muid thar a bheith sásta a fhógairt gurb é an coincheap deartha le Joseph McCallion a bhain an comórtas agus tá muid ag tnúth go mór le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an dearadh agus le tuilleadh comhairliúcháin a dhéanamh. Is é atá sa choincheap buacadh ná fís le haghaidh spás solúbtha ilúsaideora ina mbeidh plás le spásanna cruthaitheacha chun suí síos, chun bailiú le chéile, agus le margaí agus imeachtaí a reáchtáil ann. D’fhéach an dearadh buacach fosta leis na naisc a fheabhsú idir Cearnóg an Mhargaidh agus Ceathrú na hArdeaglaise, chomh maith le feabhsúcháin níos leithne a mholadh don Phríomhshráid’.

 

Rinne Foireann Mholtóireachta na hiarratais uilig a mheas chun gearrliosta de 6 choincheap deartha a dhéanamh, agus iarraidh ar an phobal vóta a chaitheamh don cheann is fearr leo le linn mhí Aibreáin 2021. I ndiaidh an vóta phoiblí, chuir an Fhoireann Mholtóireachta gach ní ábhartha san áireamh agus roghnaigh siad dearadh Joseph McCallion mar bhuaiteoir.

 

Labhair Cathaoirleach Cheantar Bardais Leitir Ceanainn – Bhaile na nGallóglach, an Clr. Dónal Mac Giolla Chomhaill, faoin tábhacht a bhain leis an chomórtas agus dúirt: ‘Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na rannpháirtithe ar fad agus comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Joseph McCallion as an choincheap deartha a bhain. Bhí páirt ag an phobal sa scéal fosta nuair a chaith siad breis agus 3,000 vóta don dearadh is mó a thaitin leo. Thacaigh toradh an vóta le tuairim na Foirne Moltóireachta mar gurb é sin an dearadh a fuair an líon is mó vótaí ón phobal fosta. Is deimhniú iontach é seo gur féidir an coincheap deartha buacach seo a fhorbairt níos mó anois chun freastal ar riachtanais an bhaile agus ar riachtanais an phobail, agus beidh sé ina bhuntáiste mór ag gnólachtaí agus iad ag iarraidh áit fháiltiúil do dhaoine a dhéanamh den lár baile s’againn.

 

Dúirt Toni Forrester, Príomhfheidhmeannach le Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn: ‘Tharla an tionscnamh seo mar thoradh ar an ghradam Bhanc na hÉireann a ghnóthaigh muid mar “An Baile is mó Fiontraíocht in Éirinn” in 2018, as ar eascair fonn an Chomhlachais chun smaointe úra a scrúdú chun Leitir Ceanainn a fhorbairt mar áit tharraingteach do chuairteoirí agus do chónaitheoirí, agus tacú le cás láidir gnó le haghaidh infheistíochta agus cruthú fostaíochta san Ionad Réigiúnach s’againn. Agus muid ag déanamh machnamh ar na féidearthachtaí, chonaic muid Cearnóg an Mhargaidh mar dheis iontach chun tús a chur le tosaíocht a dhéanamh de spásanna poiblí d’ardchaighdeáin leis an eispéireas lár baile a fheabhsú agus le bheith níos sofhreagrúla agus níos oiriúnaithí do na dúshláin agus do na hathruithe móra atá os comhair gach lár baile eile chomh maith le Leitir Ceanainn. Tá lúcháir orainn an clochmhíle seo a bhaint amach. Aithníonn muid go bhfuil an coincheap deartha seo ag staid luath go fóill agus go bhfuil tuilleadh forbartha le déanamh air, a mbeidh mar chuid de comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus obair dheartha, agus tá muid ag tnúth le bheith leanúint linn ag obair le Comhairle Contae Dhún na nGall le Cearnóg an Mhargaidh úr a chur i gcrích ar an láthair.’

 

Thug Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála, chuntas ar na chéad chéimeanna eile leis an spás úr poiblí ag Cearnóg an Mhargaidh a thabhairt chun cinn: “Is dúshraith iontach é an coincheap deartha seo ar a dtig linn tuilleadh oibre níos mionsonraithe a dhéanamh agus dul i gcomhairle go díreach leis na príomhpháirtithe leasmhara agus leis an phobal i gcoitinne, agus an coincheap deartha seo a fhorbairt agus a oiriúnú níos mó arís le go dtig linn é a bhaint amach agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Mar thoradh ar an obair seo, beidh dearadh níos mionsonraithe againn agus foilseofar sin níos moille i mbliana le haghaidh tuilleadh comhairliúcháin chun Cuid VIII de chead pleanála a bhaint amach, agus tabharfaidh sin deiseanna breise don phobal ionchur a bheith acu sa dearadh níos mionsonraithe den spás’.

 

Is féidir an dearadh a bhain a fheiceáil ar:

https://letterkennychamber.com/ Cliceáil ar nuacht

agus ar:

https://www.donegalcoco.ie/services/planning/market%20sq%20letterkenny-architectural%20competition/

 

De réir mar a dhéanfar tuilleadh forbartha ar an tionscadal, cuirfear tuairiscí agus scéalta ar www.donegalcoco.ie agus trí Facebook agus Twitter.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO