Seal ama le fáil réidh le hearraí troma ar leathphraghas ó Chomhairle Contae Dhún na nGall
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le Bryson Recycling a fhógairt go mbeifear in ann a fháil réidh le hearraí troma ar leath an chostais ar feadh feachtas coicíse ag Ionaid Athchúrsála na Comhairle.
8 Meitheamh – 19 Meitheamh 2021
ag Ionaid Athchúrsála Leitir Ceanainn/Leathaí/An Chlocháin Léith
21 Meitheamh – 3 Iúil 2021
ag Ionaid Athchúrsála Charn Domhnach, Bhaile na nGallóglach/Shrath an Urláir.
Beidh leathphraghas á ghearradh ar earraí troma cosúil le tochtanna, toilg, svuít trí bhall, cairpéid srl ar feadh na tréimhse seo.
Meabhraíonn an Chomhairle don phobal;
• go bhfuil faid shóisialta á gcur i bhfeidhm ag achan ionad athchúrsála;
• nach gceadófar isteach chuig an ionad athchúrsála níos mó na (6) ghluaisteán ag aon am amháin ionas gur féidir na faid shóisialta a chinntiú;
• go bhfuil an tréimhse idir 11am – 2pm thar a bheith gnóthach agus a bheith ag súil le scuainí ag an am seo;
• lámh chuidithe a bheith leat chun d’earraí troma a thógáil amach as do ghluaisteán;
• is le linn uaireanta oscailte an ionaid amháin a rithfear an feachtas coicíse seo.
Is féidir tuilleadh sonraí faoin fheachtas seo a aimsiú ar ardáin mheán sóisialta Chomhairle Contae Dhún na nGall
Tá an tionscnamh seo maoinithe ag Rialtas na hÉireann tríd an Tionscnamh Frithdhumpála 2021.