Donegal County Council Logo

Sa Rannóg Seo

Baile > An Chomhairle > Na Meáin > Eanáir 2021 ar aghaidh > Ainmnigh do Laoch Oidhreachta

7 Meán Fómhair 2021 - Ainmnigh do ‘Laoch Oidhreachta’

 

An bhfuil a fhios agat duine nó grúpa a d’oibrigh go dian dícheallach leis an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn i do cheantar?   Má tá, ba mhaith leis an Chomhairle Oidhreachta cluinstin uait.   Tá fáilte roimh an phobal duine nó grúpa a ainmniú a síleann siad go bhfuil an gradam ‘Laoch Oidhreachta’ tuillte acu, tríd an fhoirm ghairid ainmniúcháin a líonadh isteach ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ar  www.heritagecouncil.ie roimh 12 meán lae Dé Luain 20 Meán Fómhair.



‘Is iomaí cineál Laochra Oidhreachta atá ann’ a dúirt Virginia Teehan, Príomh-Fheidhmeannach leis an Chomhairle Oidhreachta.    ‘Anuraidh, thug an Chomhairle Oidhreachta aitheantas do Christy Cunniffe a bhí i ndiaidh éirí as mar chomhairleoir na séadchomharthaí seandálaíochta lasmuigh le haghaidh Chontae na Gaillimhe.    Aithníodh an tUas. Cunniffe mar ‘Laoch Oidhreachta’ de bharr a chuid iarrachtaí i gcúrsaí oidhreachta thar thréimhse 30 bliain, ag plé le pobail áitiúla agus le grúpaí oidhreachta áitiúla, agus ag comhroinnt a chuid eolais agus a dhíograise le gach duine ina thimpeall.   Is daoine speisialta iad Laochra Oidhreachta a bhfuil obair shuntasach déanta acu leis an oidhreacht s’againn a chothabháil agus a chur chun cinn, bíodh sin an oidhreacht nádúrtha, an oidhreacht thógtha nó an oidhreacht dhobhraite.’



Tá an gradam do laochra oidhreachta mar chuid de na Gradaim Oidhreachta Náisiúnta, a bhíonn ar siúl gach bliain chun tograí agus imeachtaí oidhreachta den scoth a cheiliúradh.   Bhí Seachtain Oidhreachta Náisiúnta 2021 ar siúl ó 14 Lúnasa go dtí 22 Lúnasa, agus bhí meascán d’imeachtaí agus de thograí ar líne, duine le duine agus pobail ann.   San iomlán, bhí breis agus 1,000 togra agus imeacht ar siúl ar fud na tíre agus bhí 57 tionscadal agus imeacht de chuid na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta ar fáil ó lucht eagraithe tionscadal i gContae Dhún na nGall.   Beidh gach tionscadal a cuireadh isteach chuig suíomh gréasáin na Seachtaine Oidhreachta le haghaidh na Seachtaine Oidhreachta san áireamh do Ghradam Oidhreachta Náisiúnta.

 

Bronnadh dhá Ghradam Oidhreachta Náisiúnta ar thionscadail a bhí bunaithe ar Dhún na nGall anuraidh: 

  • Bhain Cumann Staire Áitiúil Cheantar Ráth Maoláin an ‘Gradam Oideachais’ as a dtionscadal dar teideal ‘Téann Ráth Maoláin ar ais ar Scoil le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta’; agus
  • Bhain Johnny Shiels ó Ghleann Súilí an Gradam maidir le ‘Scileanna a Athfhoghlaim ónár nOidhreacht’. Is saor rothaí den tríú glúin é Johnny, agus mar chuid dá thionscadal chuir sé dóigh ar sheantuirne neamhchoitianta lín / olla de chuid Dhún na nGall.  

 

Tá breis agus 250 grúpa oidhreachta ar eolas againn i gContae Dhún na nGall agus tá muid ar cheann de na contaetha is mó a ghlacann páirt i gcúrsaí oidhreachta sa tír, mar sin de, bí cinnte go n-ainmneoidh tú do Laoch Oidhreachta ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta ar www.heritagecouncil.ie roimh an Luan, 20 Meán Fómhair.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO