Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Uachtarán Ó hUiginn le Gradam Tip a bhronnadh

An tUachtarán Ó hUiginn le Gradam Diaspóra Tip Uí Néill a bhronnadh

Is é Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn, a bhronnfaidh Gradam Diaspóra Tip Uí Néill 2014 ar Uachtarán Stát Massachusetts, An Seanadóir Therese Murray, duine a bhfuil an gradam tuillte go maith aici, agus déanfar an bronnadh i mBun Cranncha, Dún na nGall Dé hAoine 12 Meán Fómhair 2014.

 

Beidh aíonna as Éirinn i láthair, chomh maith le cairde agus comhghleacaithe an Uachtaráin Murray, agus baill de Chlann Uí Néill ó na Stáit Aontaithe.  

 

Cuireadh tús leis an ghradam in 2012 le linn comóradh céad bliain ó rugadh an Ceann Comhairle Thomas P Tip Ó Néill, duine a thug cuid mhór do shaol na polaitíochta sna Stáit Aontaithe agus a d'imir ról fíorthábhachtach i bpróiseas síochána na hÉireann agus i gcur chun cinn leas eacnamaíochta na hÉireann. Bronntar Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill anois ar bhall de Dhiaspóra na hÉireann le haitheantas a thabhairt dá gcuid éachtaí agus dá dtiomantas d'Éirinn agus do mhuintir na hÉireann thar lear.    

 

Seo mar a labhair Mícheál Ó hÉanaigh, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Contae Dhún na nGall "Is ócáid thábhachtach í seo i gcomhthéacs Dhiaspóra na hÉireann mar go dtugaimid ómós do bhaill dár nDiaspóra forleathan as a cuid oibre agus éachtaí ar son an phobail Éireannaigh in Massachusetts. Tá Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill ina uirlis iontach le blianta fada le teagmháil a choinneáil leis an Diaspóra Éireannach ar fud an Domhain".  

 

Agus í ag caint ó na Stáit Aontaithe an tseachtain seo, chuir Rosemary Ó Néill, iníon le Tip Ó Néill, in iúl go raibh sí iontach tógtha faoi ócáid na bliana seo. "Is mór an onóir é pilleadh ar Éirinn chun bualadh le hUachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn, agus a bheith páirteach i nGradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill agus sna himeachtaí a bheas ar siúl le linn an deireadh seachtaine mar chuid den cheiliúradh seo ar an Diaspóra. Rugadh Eunice Fullerton, seanmháthair Tip, taobh amuigh de Bhun Cranncha, mar sin de, tá ceangal dúchasach ag cuid mhór againne leis an cheantar seo go fóill. Is deis iontach í seo do bhaill den teaghlach s'againne cuairt a thabhairt ar áit chónaithe ár sinsear agus bualadh leis an phobal áitiúil a bhfuil an oiread sin dua curtha isteach acu le himeachtaí an deireadh seachtaine a reáchtáil."  

 

Fáiltíonn Seámus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, roimh Ghradaim Diaspóra Éireann Tip Uí Néill na bliana seo agus is é a dúirt sé "Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUiginn, inár láthair ar an ócáid iontach tábhachtach seo mar gur duine é a d'fhreastail ar an Diaspóra i gcónaí agus tá muid buíoch den Uachtarán as Gradam Diaspóra Éireann Tip Uí Néill a bhronnadh, le honóir, ar Uachtarán Therese Murray. Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall tábhacht an Diaspóra s'againne agus cuireann an togra tábhachtach seo lenár straitéis chun coinneáil i dteagmháil lenár nDiaspóra agus iad a mhealladh ar ais.  Tá lúcháir orainn go bhfuil ár gcuid páirtnéirí rannpháirteach san ócáid seo."  

 

I measc na n-imeachtaí eile a bheas ar siúl le linn an deireadh seachtaine beidh:

  • Oscailt Oifigiúil Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh, Co. Dhún na nGall ar an 12 Meán Fómhair ar 4.00pm. Fáilte roimh gach duine. 
  • Comórtas Aiste/Ealaíne Tip Uí Néill Inis Eoghain a bhronnadh ar an 13 Meán Fómhair ar 10.00am in Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh, Co. Dhún na nGall. Saor in aisce agus fáilte roimh gach duine.  
  • Léacht bhliantúil Dhiaspóra Tip Uí Néill leis an Ollamh Ronan Fanning ar an 13 Meán Fómhair 2014 ar 11.00am in Ionad Shliabh Sneachta, Droim Fraoigh, Co. Dhún na nGall. Saor in aisce agus fáilte roimh gach duine.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO