Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Turasóireacht €100m

€100m infheistithe sa turasóireacht ag Údaráis Áitiúla le cúig bliana anuas

Tourism LA investment

 

Tá Údaráis Áitiúla i ndiaidh cur lena n-infheistíocht turasóireachta agus lena n-acmhainní turasóireachta chun an earnáil turasóireachta in Éirinn a chothabháil agus a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, a dúradh ag comhdháil i gCorcaigh Déardaoin seo caite.

 

“Is Gnó Gach Duine í an Turasóireacht” an teideal a bhí ar an chomhdháil, agus is í An Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach (CBCC) i gcomhar le Fáilte Éireann a reáchtáil an chomhdháil. Tugann an chomhdháil le chéile oifigigh údarás áitiúil agus páirtithe leasmhara eile sa tionscal chun machnamh a dhéanamh ar an dóigh ar féidir linn an turasóireacht a neartú ar fud na tíre agus dul i bhfeidhm ar réimse éagsúil margaí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

 

Léiríonn tuairisc nua a scaipeadh ag an chomhdháil go bhfuil pleananna ag Comhairlí Contae agus Cathrach na hÉireann chun 256 togra nua turasóireachta a fhorbairt, agus go bhfuil €156 milliún geallta do na tograí seo ag comhairlí, a bhfuil ina measc siúlóidí, ionaid fionnachtain, pláis chultúrtha, cuanta agus áiseanna spóirt.  Déanfaidh na húdaráis áitiúla €205 milliún eile a ghiaráil ó áisíneachtaí seachtracha.

 

Rinne na húdaráis áitiúla €99.4 milliún a infheistiú go díreach chun áiseanna turasóireachta a fhorbairt sna cúig bliana 2014-2018. Anuas air sin, rinne na comhairlí €88.4 milliún eile a ghiaráil ó áisíneachtaí seachtracha fá choinne na dtograí seo, rud a chiallaíonn gur éirigh leis na Comhairlí Contae agus Cathrach infheistíocht iomlán chaipitil de €185.8 milliún a chur chun tairbhe na turasóireachta.   

 

Beidh an infheistíocht mhéadaithe seo an-tábhachtach chun an earnáil turasóireachta a neartú i gcomhthéacs an Bhreatimeachta, dar le hAnn Doherty, Cathaoirleach ar Choiste Eacnamaíochta agus Fiontraíochta an CBCC: “Is dúshlán é an Breatimeacht a bhfuil an earnáil údarás áitiúil ag dul i ngleic leis, ag cur acmhainní breise ar fáil agus ag obair níos dúthrachtaí lenár margaí a leathnú agus le tairiscintí úra a spreagadh. Ós rud é gur ón Ríocht Aontaithe a thagann 35% de na cuairteoirí ó thar lear go hÉirinn, agus i gcomhthéacs margadh idirnáisiúnta atá an-iomaíoch, ní raibh sé riamh chomh tábhachtach agus atá sé anois tairiscintí úra a fhorbairt go gníomhach chun táirgí éagsúla agus speisialta turasóireachta a sholáthar ar fud na tíre chun cuairteoirí sa bhaile agus cuairteoirí eachtrannacha a mhealladh. 

 

“Tá muid de shíor ag cuartú dóigheanna úra chun cuairteoirí úra a mhealladh agus le bliain anuas rinneadh breis agus €8 milliún a infheistiú i gcur chun cinn na turasóireachta, chomh maith le €6m eile a infheistiú chun maoiniú a chur ar fáil le haghaidh 296 cinn de thograí úra nuálaíocha turasóireachta, a bhfuil ina measc cláracha ambasadóireachta, comhthograí idirnáisiúnta, agus féilte úra bia agus cultúrtha,” arsa Ann Doherty.

 

Léiríonn an tuairisc nua:

 

  • Go reáchtálann údaráis áitiúla, nó go dtacaíonn siad le breis agus 460 áis turasóireachta go náisiúnta, ó lá go lá, agus go gcuireann siad beagnach €52m ar fáil le haghaidh a gcuid oibríochtaí gach bliain. Ina measc seo tá foirgnimh stairiúla, páirceanna foraoise, bealtaí glasa, ionaid léirmhíniúcháin, iarsmalanna, ionaid oidhreachta agus siúlóidí, a bhfuil 65% díobh saor in aisce do chuairteoirí.

 

  • In 2018, chaith na húdaráis áitiúla méid iomlán de €7.8 milliún chun bonneagar ar leith turasóireachta a fhorbairt.  Rinne na húdaráis áitiúla beagnach leathchuid de seo, mar atá €3.6 milliún, a infheistiú go díreach le haghaidh áiseanna, mar shampla saoráidí a uasghrádú, tránna a chothabháil, carrchlóis a thógáil, comharthaí bóthair a fhorbairt agus bonneagar eile taistil.

 

  • Tá breis agus 1,400 féile agus ócáid á reáchtáil, nó ag fáil tacaíochta, ag údaráis áitiúla gach bliain ar chostas €11.2 milliún ag na húdaráis sin.  Meallann na féilte agus ócáidí breis agus 200,000 cuairteoir ó thar lear, agus tugann siad isteach níos mó ná €100 milliún don gheilleagar gach bliain, dar le Fáilte Éireann. Chomh maith leis an infheistíocht airgeadais, cuireann údaráis áitiúla tacaíochtaí eile ar fáil ar nós bóithre a dhruidim, ardáin a sholáthar, comharthaí a chur suas, trácht a bhainistiú, sráideanna a ghlanadh agus bruscar a bhainistiú, agus tacaíocht sláinte agus sábháilteachta.

 

  • Tá thart fá 300 ball foirne fostaithe san earnáil údarás áitiúil atá dírithe ar chúrsaí turasóireachta. Bíonn siad ag comhoibriú ar imeachtaí agus ar ghníomhaíochtaí le neart ball foirne eile i rannóga éagsúla chun cuidiú leis an tairiscint turasóireachta a fheabhsú.

 

Mar fhocal scoir, chuir Ann Doherty béim ar chomh tábhachtach agus atá an turasóireacht do gheilleagair réigiúnacha agus áitiúla in Éirinn, agus is é a dúirt sí: “Ag croílár na hoibre atá ar siúl ag údaráis áitiúla, tá muid ag iarraidh áiteanna iontacha a dhéanamh le cónaí iontu, le hobair iontu agus le teacht ar cuairt chucu. Tacaíonn an turasóireacht le beagnach ceathrú milliún post ar fud na tíre agus tugann sí isteach sa tír breis agus €5 billiún gach bliain ó chuairteoirí as tíortha eile.

 

“Is ionann infheistíocht sa turasóireacht agus infheistíocht san fhorbairt eacnamaíochta, agus is gné thábhachtach de sin an méid a dhéanann an turasóireacht ar son forbairt chothrom eacnamaíochta, ag cur deiseanna fostaíochta ar fáil ar fud na tíre, go minic i gceantracha iargúlta ina mbeadh sé doiligh tionsclaíocht ná fostaíocht a choinneáil ag dul iontu.”

 

Agus é ag cur fáilte roimh an infheistíocht inniu, is é a dúirt Paul Kelly, Príomh-Fheidhmeannach le Fáilte Éireann:

 

“Cuireann an turasóireacht borradh mór faoin gheilleagar agus cuidíonn sé go mór le pobail ar fud na tíre go sóisialta agus mar fhoinse thábhachtach fostaíochta. Tá muidne in Fáilte Éireann dírithe ar an turasóireacht a fhorbairt lena chinntiú go dtig le gach réigiún leas agus tairbhe a bhaint as an ioncam a thugann sí isteach agus as na poist a chruthaíonn sí.  Tá na húdaráis áitiúla mar phríomhpháirtnéirí againn, agus cuidíonn an obair forbartha a dhéanann siad go háitiúil i mbailte móra agus i bpobail ar fud na tíre chun tionscal inmharthana a dhéanamh den turasóireacht. Chomh maith le hinfheistíocht leanúnach Fháilte Éireann in eispéiris chuairteoirí agus i dtáirgí turasóireachta ar fud na tíre, cuideoidh go mór an infheistíocht bhreise atá fógartha ag comhairlí anseo inniu chun turasóirí a mhealladh go dtí an tír seo ó áiteanna eile ar fud an domhain.”

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO