Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra LéighDG

Seolann Shay Given Togra Léitheoireachta i nDún na nGall

Read DL Launch

 Shay Given le daltaí scoile ó Scoil Náisiúnta an Drumman, Ráth Mealtain ag Seoladh Léigh DG 2018 sa Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, oíche Dé hAoine.

 

Bhí slua mór go doras sa Lárleabharlann i Leitir Ceanainn oíche Dé hAoine seo chuaigh thart nuair a sheol an laoch sacair as Dún na nGall Shay Given togra Léigh DG 2018 na bliana seo.

 

Is togra ar leith do Dhún na nGall é LéighDG agus tá sé bunaithe ar an choincheap ‘leabhar amháin pobal amháin’ agus tá sé dírithe ar dhaoine as Dún na nGall a tharraingt le chéile tríd an leabhar céanna a léamh.

 

Agus é ag caint ag an seoladh dúirt an Clr Gerry McMonagle, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall gur eisleamláir iontach é LéighDG ar an dóigh a dtig le heagraíochtaí príobháideacha agus poiblí teacht le chéile agus comhoibriú le chéile ar mhaithe leis an phobal. Tá buntáistí ar leith ag baint leis an léitheoireacht agus leis an litearthacht. Thig leis an léitheoireacht tionchar mór a imirt ar shaol an duine aonair. Cuireann sí le cumas agus le saibhreas an duine. Cuidíonn sé le daoine aonair muinín a fhorbairt agus níos mó smachta a fháil ar a saol féin. Cuireann sé beocht sa tsamhlaíocht fosta.

 

 

“Cothaíonn an togra seo grá agus dúil sa léitheoireacht agus spreagann sé daoine, idir óg agus aosta, chan amháin níos mó a léamh ach leis an leabhar céanna a léamh agus smaointe agus tuairimí a chomhroinnt.”

 

Ba é an láithreoir le Raidió Highland John Breslin a bhí i gceannas ar an seoladh oíche Dé hAoine agus dúirt sé go raibh ráchairt an-mhór ar fad ar LéighDG i mbliana. Cuireadh tús leis an togra seo sa bhliain 2012 agus bíonn na céadta páiste agus duine óg ó 77 scoil ar fud Dhún na nGall páirteach, chomh maith le 6 cinn d’ionaid forochtana óige agus 10 gcinn d’Ionaid ‘Foghlaim don Saol’ de chuid an Bhord Oideachais agus Oiliúna.

 

 

Ba é Shay Given, a d’fhoilsigh scéal a bheatha féin ‘Any Given Saturday’ ar na mallaibh, a sheol LéighDG go hoifigiúil i mbliana.

 

  

Is é ‘A Monster Calls’ le Patrick Ness leabhar roghnaithe na bliana seo. Is scéal fíorspéisiúil é seo, dírithe ar théama a d’aithneodh cuid mhór teaghlach i nDún na nGall, ar an drochuair. Tugann an leabhar ár ndúshlán amharc ar an tinneas marfach trí shúile páiste, agus na coimhlintí deacra sóisialta agus mothúchánacha a bhíonn rompu.

 

 

Le bheith páirteach:

Tá an próiseas clárúcháin do chlár na bliana seo druidte anois, ach tá cóipeanna aonaracha den leabhar ar fáil ón leabharlann áitiúil s’agat. Tabhair cuairt ar www.donegallibrary.com  le do chóip a chur in áirithe. Thig leat cuairt a thabhairt ar www.readdonegal.com fosta fá choinne tuilleadh eolais agus gníomhaíochta gaolmhara foghlamtha a théann leis an leabhar ‘A Monster Calls’, agus chun leabharthaí roimhe seo mar chuid de LéighDG a fheiceáil. Coinnigh suas chun dáta trí ReadDL a leanúint ar Facebook @readdlsocial agus Twitter @ReadDonegal.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO