Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Togra Athnuachana Cealla Beaga

Do thuairimí á lorg maidir le Togra Athnuachana san Cealla Beaga

Killybegs Plan

 

Tá pleananna úra i dtaca le hathfhorbairt a dhéanamh ar Theach an Oileáin sna Cealla Beaga foilsithe ag an fhoireann úrbhunaithe um Athnuachan agus Forbairt de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá na pleananna seo foilsithe  ar líne ar shuíomh idirlín na Comhairle agus tá cruinniú eolais poiblí á reáchtáil Déardaoin seo chugainn in Óstán Radharc an Chuain sna Cealla Beaga ó 2pm go dtí 8pm.   Tá na pleananna ar fáil chun amharc orthu fosta i dTeach an Chontae, Leifear agus in Ionad Seirbhísí Poiblí Dhún na nGall.

 

Tríd na pleananna spreagúla seo le haghaidh athrú áitbhunaithe agus gníomhaíochtaí athnuachan uirbeach sna Cealla Beaga, féachtar le tacú leis an earnáil turasóireachta atá ag fás sa bhaile trí Theach an Oileáin a athúsáid mar áis turasóireachta.   Mar chuid de seo, forbrófar Mol Digiteach i dTeach an Oileáin chun tacú a sholáthar le haghaidh tuilleadh gnó, fiontraíochta agus nuálaíochta sna Cealla Beaga.

 

Beidh tacaíocht bhreise don athfhorbairt ar Theach an Oileáin fosta tríd na moltaí chun an carrchlós poiblí atá ann cheana féin sa Chearnóg a athrú ina spás pobail, rud a chuirfidh borradh úr faoin limistéar agus a mheallfaidh cuairteoirí agus bunadh na háite chun níos mó am fiúntach a chaitheamh i lár an bhaile. 

 

Creideann Paul Kelly, Pleanálaí Sinsearach Feidhmiúcháin le Comhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil de chumas ag na pleananna seo Lár Baile na gCealla Beaga a athrú ó bhonn agus a athnuachan, agus tá sé ag dúil go mór le cluinstin uathu siúd ar spéis leo na forbairtí seo, agus is é a dúirt sé: “bhí muid ag obair go dlúth le roinnt páirtithe leasmhara i measc an phobail i dtaca leis na pleananna seo a fhorbairt agus ba mhaith linn tuilleadh plé a dhéanamh leis an phobal.  Creidimid go bhfuil sé de chumas ag na pleananna seo tacú le forbairt na hearnála turasóireachta sa bhaile mór san am atá amach romhainn agus leas a bhaint as an líon breise cuairteoirí atá ag teacht chuig na Cealla Beaga agus an ceantar máguaird.”

 

Tá na pleananna agus na sonraíochtaí ar taispeáint faoi láthair agus ar fáil lena scrúdú in oifigí de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall i dTeach an Chontae, Leifear agus san Ionad Seirbhísí Poiblí i mBaile Dhún na nGall le linn uaireanta oifige go dtí Dé Máirt 18 Meitheamh 2019.

 

Is féidir aighneachtaí i dtaca leis an fhorbairt a dhéanamh i scríbhinn roimh 4.30pm Dé Céadaoin 3 Iúil 2019.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO