Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Teaghlaigh sa leabharlann

Caith am i gcuideachta do theaghlaigh sa leabharlann áitiúil um Nollaig

Storytelling Buncrana Library

Faoi gheasa ag an scéalaíocht i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha.

 

Agus an Nollaig ag druidim linn, tá leabharlanna i nDún na nGall ag cuidiú le teaghlaigh a bhfuil páistí óga acu sult a bhaint as an fhéile trí imeachtaí teaghlaigh a reáchtáil i seacht gcinn de leabharlanna ar fud an chontae.

 

I measc na n-imeachtaí seo tá seisiúin scéalaíochta agus carúil na Nollag, agus tá siad uilig saor in aisce agus oscailte do gach duine.  Beidh an chéad imeacht ar siúl An Domhnach beag seo (2 Nollaig) i Leabharlann Bhun an Phobail ar 5.30pm, agus beidh imeachtaí eile ar siúl sna seachtainí amach romhainn i mBun Cranncha, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, Na Rosa, Carn Domhnach agus Bun Dobhráin.

 

“Agus an Nollaig ar na bacáin ba mhaith linn cuidiú le teaghlaigh réamhbhlaiseadh a fháil ar an séasúr trí suí síos go deas teolaí lena bpáistí agus roinnt ‘am teaghlaigh’ a chaitheamh sna leabharlanna s’againne” a mhínigh Donna Cavanagh ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall.

 

“Ba mhaith linn an léitheoireacht a spreagadh mar ghníomh teaghlaigh agus eolas a thabhairt maidir le buntáistí na léitheoireachta mar ghíomh spraíúil sultmhar do pháistí agus maidir leis na seirbhísí agus na háiseanna atá ar fáil do pháistí inár gcuid leabharlann.  Tá sé seo uilig mar chuid den fheachtas ‘An Ceart chun Léitheoireachta’.”

 

Mar sin de, déan réidh le do scíth a ligean le leabhar den scoth le linn na Nollag, agus buail isteach chuig ceann ar bith de na himeachtaí s’againne, atá saor in aisce agus oscailte do gach duine.

 

Seo a leanas an t-amchlár imeachtaí le haghaidh Am Teaghlaigh sna Leabharlanna 2018:

Leabharlann

Dáta

Am

Mionsonraí

 

Bun an Phobail

Dé Domhnaigh 2 Nollaig

5:30 pm

Soilse As! - Scéalaíocht na Nollag le haoi-léitheoir

 

Bun Cranncha

Dé Céadaoin 5 Nollaig

6: 30 pm

Emma Porter ó Vivid Performances

 

An Lárleabharlann

Déardaoin 20 Nollaig

6:00pm

Scéalaíocht

 

Baile na nGallóglach

Dé Céadaoin 12 Nollaig

6:30pm

Scéalaíocht

 

Na Rosa

Dé Céadaoin 12 Nollaig

10.00am

Scéalaíocht na Nollag le Breege Ward

 

Carn Domhnach

Déardaoin 13 Nollaig

6.30pm

Soilse As! - Scéalaíocht na Nollag le haoi-léitheoir

 

Carn Domhnach

Dé Sathairn 15 Nollaig

11:00am

Samhlaíocht agus machnamh le A Christmas Carol i gcomhar le Relax Kids

 

Bun Dobhráin

Dé Céadaoin 19 Nollaig

6:30pm

Tuismitheoirí agus Páistí

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais buail isteach i do leabharlann áitiúil nó féach ar donegallibrary.ie  nó lean Leabharlann Chontae Dhún na nGall ar Facebook nó ar Twitter.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO