Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Straitéis Seirbhísí Cultúrtha

Bíodh do Ghuth agat: Plean Straitéiseach do Sheirbhísí Cultúrtha na Comhairle

Tá bród as cuimse againn uilig as cultúr luachmhar speisialta Dhún na nGall. Tá an contae s’againne agus an cultúr s’againne fita fuaite lena chéile mar aon fhórsa amháin, é ag síor-athrú agus ag dul chun cinn, agus ag cur in iúl cé muid mar phobal, go traidisiúnta agus go nua-aimseartha.

 

Cuireann Rannóg na Seirbhísí Cultúrtha i gComhairle Contae Dhún na nGall seirbhísí ar fáil don phobal tríd na Leabharlanna Poiblí, Seirbhís Ealaíne an Chontae, An tIonad Cultúrtha Réigiúnach, An Clár um Ealaín Phoiblí, An tSeirbhís Iarsmalainne agus Cartlainne, agus tá Plean Straitéiseach 5 Bliana á ullmhú le haghaidh 2016-2020.

 

 

 “Faoin bhliain 2020, ba mhaith linn clú agus cáil Dhún na nGall, mar chontae atá ar thús cadhnaíochta i dtaca le cultúr, a neartú tríd an choimitmint atá againn an cultúr s’againne a fhorbairt. Creideann Comhairle Contae Dhún na nGall gurb ionann infheistíocht sna healaíona, sa chultúr, san oidhreacht agus sa teanga agus coimitimint a bheith againn do chontae níos folláine, níos sásta, agus níos rathúla’, a dúirt Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 

Tá an fhís atá againn bunaithe ar na Sé Sprioc seo a leanas:

 1.       Rannpháirtíocht an Phobail

 

2.       Foghlaim Fad Saoil agus Cuimsiú Sóisialta

 

3.      Ag tacú leis na hEalaíona agus le hEagraíochtaí Ealaíne

 

4.     An Oidhreacht Chultúrtha a Chaomhnú agus a chur chun cinn

 

5.      Ag tógáil dea-chaidrimh le páirtithe leasmhara

 

6.      Seirbhís Chultúrtha atá inbhuanaithe agus ar ardchaighdeán

 

Agus an Plean Straitéiseach do Sheirbhísí Cultúrtha á ullmhú againn, ba mhaith linn bhur gcuid moltaí agus tuairimí a chluinstin

 

• Cad iad na saincheisteanna agus dúshláin chultúrtha is mó atá ag do phobal, d’eagraíocht agus/nó d’earnáil faoi láthair?

 

• Cad é mar is féidir leis na Seirbhísí Cultúrtha dul i ngleic, nó tacú, leis na saincheisteanna agus dushláin seo, ar bhonn réalaíoch?

 

• Cad iad na rudaí ar chóir do na Seirbhísí Cultúrtha tús áite a thabhairt dóibh idir 2016 – 2020?

 

 

Spriocdháta le haighneachtaí a dhéanamh

 

Roimh An Aoine, 29 Aibreán 2016.

 

 

chuig: Eileen Burgess | Comhordaitheoir Dhún na nGall d’Éire  2016 agus Leabharlannaí Contae / Bainisteoir Rannóige na Seirbhísí Cultúrtha, Comhairle Contae Dhún na nGall, Lána Chnocán na Rós, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall  

 

Rphost:[email protected]

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO