Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Srianta uisce

Srianta Loch Moirne i bhfeidhm ó 1am go dtí 6am.

Srianta uisce san oíche ar ceal i bPaiteagó, srianta Loch Moirne i bhfeidhm ó 1am go dtí 6am.

 

Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall ag leanstan leo ag monatóireacht gach soláthar uisce ar fud an chontae ó lá go lá chomh fada agus a mhaireann an aimsir thirim.

Ag teacht i bhfeidhm láithreach bonn, tá srianta curtha ar úsáid uisce san oíche ar sholáthar uisce Loch Moirne de bharr méadú ar an éileamh ar soláthar uisce óil.  Beidh na srianta seo i bhfeidhm gach oíche ó 1am go dtí 6am go ceann tamall measartha fada agus leanfaidh Uisce Éireann agus Comhairle Contae Dhún na nGall araon de bheith ag monatóireacht na scéime gach lá.

 

Tá na srianta a bhí i bhfeidhm ar sholáthar uisce Phaiteagó curtha ar ceal anois.

 

Ba mhaith le hUisce Éireann a chur i gcuimhne dá gcustaiméirí go mbeidh an tOrdú Caomhnaithe Uisce (cosc píobáin uisce) i bhfeidhm go dtí an 31 Iúil agus go bhfuiltear ag iarraidh ar an phobal ar fud an chontae ar fad leanstan orthu ag caomhnú uisce in achan dóigh agus is féidir lena chinntiú go mbeidh soláthar leanúnach uisce ar fáil do gach duine.

 

Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar an phobal go fóill scéala a chur chugainn faoi aon sceitheamh uisce ar 1850 278 278 agus déanfar iad a fhiosrú. Beidh na hoibrithe údaráis áitiúil ag tabhairt tús áite d’aon sceitheamh uisce in áiteanna poiblí.  Tá conraitheoirí ar fáil ag Uisce Éireann chun cuidiú le haon sceitheamh uisce ar thalamh príobháideach faoin scéim ‘First Fix’.


Glacfaidh sé na seachtainí nó fiú na míonna de bháisteach leis na leibhéil amhuisce a chur ar ais sna haibhneacha, sna lochanna agus sna foinsí screamhuisce, chomh maith leis na leibhéil uisce óil sna taiscumair stórála. Leanfaidh Uisce Éireann de bheith ag scrúdú na leibhéal úsáidte uisce go laethúil. San am céanna, tá muid ag coinneáil súil ar an titim leanúnach atá sna leibhéil uisce inár gcuid foinsí.

 

Is é an t-ábhar is mó imní d’Uisce Éireann ná an soláthar fadtéarmach níos moille sa samhradh agus san fhómhar. Bunaithe ar an taithí a bhí againn nuair a bhí sé tirim sna blianta seo chuaigh thart, agus ag cur san áireamh chomh tirim agus atá an talamh faoi láthair, caithfidh muid an méid is mó amhuisce agus is féidir a chaomhnú ag an am seo le go mbeidh go leor uisce le freastal ar ár gcuid riachtanas sna míonna amach romhainn. Mar sin de, tá an-tábhacht leis na teachtaireachtaí práinneacha caomhnaithe seo don phobal i nDún na nGall agus in áiteanna eile ar fud na tíre.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO