Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Srianta Trá

09 Aibreán 2020 - Srianta ar Thránna i nDún na nGall

 

Restrictions to beach car parks COVID19 379x269

 

 

Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall an méid atá á dhéanamh ag an phobal maidir le treoir na sláinte poiblí a leanúint agus iad ag fanacht sa bhaile chun cosc a chur ar spréadh an víris COVID-19.  

 

Seachas na daoine atá ‘ag neadú’, tá cead ag an phobal aclaíocht a dhéanamh ach caithfear sin a dhéanamh taobh istigh de 2 chiliméadar dá mbaile féin agus gan ina gcuideachta ach iad siúd atá ina gcónaí leo.

 

I ndiaidh tuairimí agus comhairliúcháin le húdaráis ábhartha a mheas, tá Comhairle Contae Dhún na nGall chun srian a chur ar líon na bhfeithiclí a ligfear isteach ag méid airithe carrchlós cois trá agus beidh an cosc céanna i bhfeidhm ag méid airithe tránna agus tá seo á dheanamh chun tacú le treoir na sláinte poiblí.

 

Beidh na tránna ar fáil daofa siúd atá ina gcónaí taobh istigh de 2km doíbh.

 

Seo a leanas na tránna i gceist:

• Cionn an Ghabha

• Lios Feannáin;

• An tSrúibh;

• Ráth Maoláin;

• Clós na mBrící, Céideadh;

• Machaire Rabhartaigh;

• Maghaire Chlochair;

• Trá na Cille;

• Mullach Dearg

• Trá Gheal;

• Ros Neamhlach

• Bun Dobhráin.

 

Chun fanacht slán sábháilte, iarrann Comhairle Contae Dhún na nGall ar gach ball den phobal na srianta riachtanacha atá i bhfeidhm faoi láthair a leanúint go dian dícheallach agus fanacht ina bpríomháit chónaithe amháin.

Ná taisteal níos mó ná 2km ón bhaile le haghaidh aclaíochta, fan 2m óna chéile, agus gan in do chuideachta ach iad siúd atá ina gcónaí leat.  

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO