Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Spriocdháta ÁCPN ar na bacáin

Spriocdháta ÁCPN ag druidim linn

 

 

Agus spriocdháta an 31 Lúnasa 2014 ag druidim linn, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tathaint ar úinéirí maoine nach bhfuil á dtáille ÁCPN íoctha acu go fóill sin a chlárú agus an táille a íoc chomh luath agus is féidir.  

 

Bhí an táille ÁCPN le híoc do na trí bliana idir 2009-2013 ar mhaoin chónaitheach nach raibh ina Áit Chónaithe Phríomha Phríobháideach i gContae Dhún na nGall.   Is é €4,220 costas iomlán na príomhtháille agus na dtáillí pionóis as ucht íocaíochtaí a bheith mall, do na blianta 2009 go dtí 2013. 

 

Ón 2 Márta 2014, níor cuireadh aon phionós íocaíochta, de bharr a bheith mall, leis an mhéid sin de €4,220 atá gan íoc go fóill, ach mar sin féin, ón 1 Meán Fómhair 2014 méadófar an méid sin de €4,220 go dtí €7,230, agus fágfar ag an mhéid sin é”.  

 

Tá an Chomhairle ag tathaint ar gach úinéir maoine nár chláraigh, agus nár íoc, an táille ÁCPN go fóill é sin a dhéanamh roimh an 31 Lúnasa 2014.  

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall go gníomhach i mbun úinéirí maoine, a bhféadfadh bille ÁCPN a bheith le híoc acu, a aithint trí shonraí a úsáid atá curtha ar fáil dúinn ag na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh muid ag leanúint agus ag fiosrú na dtáillí seo atá gan íoc go fóill.  

 

Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad ÁCPN ar www.nppr.ie nó trí scairt a chur ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 9153900.  

 

CRÍOCH

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO