Tá síneadh ama curtha leis an dáta le haghaidh moltaí ó fhorbróirí atá in ann tithíocht shóisialta a sholáthar trí fhorbairtí lándéanta go dtí 11 Aibreán 2018 ar 4pm, agus tá síneadh ama go dtí 5pm ar an 4 Aibreán 2018 le haghaidh ceisteanna soiléirithe.
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar lorg tithíocht shóisialta trí fhorbairtí lándéanta i seacht gcinn déag de bhailte ar fud an chontae. Tá moltaí á lorg ó fhorbróirí atá in ann aonaid den chineál seo a sholáthar laistigh de thréimhse réasúnta ama.
Tá moltaí á lorg do na bailte seo a leanas: Bun Dobhráin, Béal Átha Seanaidh, Baile Dhún na nGall, Leitir Ceanainn, Carraig Airt, Baile na nGallóglach, Bealach Féich / Srath an Urláir, Conmhaigh, Leifear, An Clochán Liath, Gaoth Dobhair, An Fál Carrach, Dún Fionnachaidh, Carn Domhnach, Bun Cranncha, Bun an Phobail, An Baile Nua.
Is féidir tairisicintí a dhéanamh via e-Tenders (Tag: 130513).