Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Seó Boot Dusseldorf

Ó Dhún na nGall go hAonach Boot Dusselorf!

 Boot Dusseldorf 2019

Grianghraf ón seastán ag Boot Dusseldorf anuraidh

 

Tá lúcháir ar Thurasóireacht Dhún na nGall / Comhairle Contae Dhún na nGall taispeántas agus poiblíocht agus fógraíocht a dhéanamh ar an réigiún s’againne ag Seó Boot Dusseldorf na Gearmáine i mbliana. Tá Boot Dusseldorf ar an seó trádála is mó sa domhan le haghaidh spóirt uisce, agus is í seo an caogadú bliain ó bunaíodh é. Reáchtálfar an seó thar thréimhse 9 lá ón 19 go dtí 27 Eanáir 2019. Is é seo an dara bliain a bhfuil an Chomhairle ag dul a bheith páirteach ann. Tá lúcháir orainn go mbeidh roinnt taispeántóirí trádála linn ó áiteanna éagsúla sa chontae, agus beidh deis acu uilig a gceantracha féin agus a ngnólachtaí féin a chur i láthair na sluaite.

 

Beidh seastán ag Comhairle Contae Dhún na nGall / Turasóireacht Dhún na nGall i Halla 13 – An Halla le haghaidh Cinn Scríbe Turasóireachta, agus beidh muid ag déanamh dea-phoiblíocht dár gcontae álainn agus don chuid mhór tograí mara a bhfuil an Chomhairle bainteach leo, a bhfuil ina measc UiscíMhálanna (ag mealladh cuairteoirí chun blaiseadh a fháil ar Iarthuaisceart na hÉireann agus Tuaisceart Éireann ar bhád agus ar thalamh), tograí atá maoinithe ag an AE amhail Farraigí Fiáine na hEorpa agus Bealach an WAOH (Bealach Oidhreachta an Atlantaigh Fhiáin) agus CAPITEN (Cinn Scríbe na hEorpa ag cur ár gcuid nuálaíochtaí turasóireacht mara chun cinn).

 

 

Beidh Joy Harron agus Mary Daly, beirt oifigeach ó Aonad Turasóireachta Dhún na nGall i gComhairle Contae Dhún na nGall, i láthair chun ceisteanna a fhreagairt  maidir lenár gcontae agus chun comhairle a thabhairt do dhaoine a d’fhéadfadh teacht ar cuairt chugainn maidir le háiteanna le dul agus rudaí le déanamh.

 

Measann Comhairle Contae Dhún na nGall gur ardán tábhachtach margaíochta atá sa seó trádála seo mar ba mhaith linn díriú ar chuairteoirí ón Ghearmáin mar spriocghrúpa chun fás a dhéanamh air.

 

Bhain Boot Dusseldorf amach curriarracht úr in 2018 nuair a tháinig 1,923 taispeántóir ó 68 tír éagsúil agus iad ag taispeáint uaimheanna, bádaí, agus saoráidí le haghaidh gach cineál gníomhaíocht uisce. Bíonn an seó ar siúl i sé cinn déag de hallaí taispeántais agus chinntigh Boot 2018 a áit mar an t-aonach trádála is mó ar domhan gan aon cheist nuair a tháinig 247,000 cuairteoir ó 102 tír. Bhí breis agus 2000 iriseoir ag tuairisciú beo ón aonach trádála is mó le haghaidh spóirt uisce sa domhan. D’éirigh leis an aonach trádála cur le líon na gcuairteoirí idirnáisiúnta fosta. Is léir ón rath a bhí ar Boot Dusseldorf 2018 go bhfuil borradh mór faoin tionscal spóirt uisce agus go bhfuil an tionscal mara ag baint an-tairbhe as an chomhthéacs ginearálta eacnamaíochta ar fud na hEorpa.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall / Turasóireacht Dhún na nGall ag súil le bheith i dteagmháil go díreach le baill den phobal, le taispeántóirí eile agus leis an phreas idirnáisiúnta le linn thaispeántas na bliana seo.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO