Cuireadh tús den chéad scoth le Seachtain Bhróid na dTaistealaithe i nDún na nGall an tseachtain seo nuair a reáchtáladh ócáid speisialta Dé Luain san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn, ag a raibh Cathaoirleach úr Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Seán Mac Cathmhaoil, ag déanamh ceiliúradh oifigiúil ar Sheachtain Bhróid na dTaistealaithe 2014 i nDún na nGall.
Bhí carbhán maisithe go gleoite ar taispeántas ag Togra Taistealaithe Dhún na nGall agus fáiltíodh roimh bhaill den phobal bualadh isteach agus an carbhán a fheiceáil agus tuilleadh a fhoghlaim fá dtaobh de Thaistealaithe agus fá dtaobh de chultúr na dTaistealaithe.
Bhí ceol traidisiúnta, amhránaíocht agus ceardaíocht ar fáil chomh maith, eagraithe ag Grúpa Idirghníomhaireachta Thaistealaithe Dhún na nGall, i gcomhar le Togra Taistealaithe Dhún na nGall, agus le tacaíocht ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ón Roinn Dlí agus Cirt, le cuidiú chun cultúr na dTaistealaithe a chur chun cinn ar dhóigh dhearfach i measc an phobail mhóir.
Is deis í Seachtain Bhróid na dTaistealaithe le hionchur na dTaistealaithe ar chultúr agus ar shochaí na hÉireann a cheiliúradh, agus le feasacht a ardú i dtaca le cultúr agus traidisiún na dTaistealaithe.
Tá Seachtain Bhróid na dTaistealaithe ar siúl ar fud na tíre agus tá go leor tograí ar siúl le cultúr na dTaistealaithe a chur chun cinn ar dhóigh dhearfach i measc an phobail áitiúil.