An Clr.John Shéamuis Ó Fearraigh, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais na nGleanntach, ag plé An Scéim Tithíochta is Fearr Bail agus Cuma de chuid na Comhairle le hÉamonn Brown, Comhairle Contae Dhún na nGall.
Preas-Ráiteas 04/07/2018
Tá comórtas bliantúil na Comhairle don Scéim Tithíochta is Fearr Bail agus Cuma seolta don bhliain 2018, agus táthar ag tathant ar eastáit tithíochta a bhfuil 20%, ar a laghad, dá gcuid tithe faoi úinéireacht ag an Chomhairle, cur isteach ar an chomórtas.
Tá an Clr. John Shéamuis Ó Fearraigh, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais na nGleanntach, ag cur an chomórtais chun cinn agus tá sé ag súil go mbeidh suim mhór á léiriú sa chomórtas ó Cheantar Bardais na nGleanntach. “Reáchtáiltear an comórtas ar bhonn Ceantar Bardais agus tá duaischiste suntasach go leor ar fáil faoi thrí chatagóir. Is deis iontach é dóibh siúd a oibríonn le bail mhaith a choinneáil ar a gcuid eastát aird a tharraingt ar an obair mhaith sin. Mholfainn do gach scéim tithíochta sa cheantar cur isteach ar an chomórtas.”
I measc na gcatagóirí sa chomórtas tá an scéim is fearr ina bhfuil 20 teach nó níos lú, idir 21 agus 50 teach, agus scéimeanna ina bhfuil 51 teach nó os a chionn sin.
Déanfar an mholtóireacht ar na hiontrálacha i mí Lúnasa agus bronnfar marcanna le haghaidh na hiarrachta a bhí i gceist; saor ó bhruscar; plandáil crann, tor, bláthanna agus gairdíní; dathanna agus comhdhathanna; staid na dtithe sa Scéim; gan aon ábhar míofar ná gránna a bheith ann; agus nithe speisialta eile.
Tá foirmeacha iarratais don chomórtas ar fáil ó, agus ba chóir iad a sheoladh ar ais chuig, d'Ionad Seirbhíse Poiblí áitiúil nó Oifig de chuid na Comhairle faoin Aoine 27 Iúil 2018. Fá choinne tuilleadh eolais cuir scairt ar 074 91 53900.