Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Scéim Séadchomhartha

An Scéim ‘Uchtaigh Séadchomhartha’ oscailte arís ag an Chomhairle Oidhreachta

Doon Fort

Rinne Grúpa Oidhreachta & Staire an GAP in Ard an Rátha, an Dún, séadchomhartha seandálaíochta gar d’Ard an Rátha, a uchtú agus roghnaíodh é in 2016 mar cheann de shé láithreán oidhreachta phíolótacha do scéim na Comhairle Oidhreachta ‘Uchtaigh Séadchomhartha’.

 

An bhfuil séadchomhartha i do cheantar féin a bhfuil an-dúil ag daoine ann agus ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoi agus cuidiú lena chaomhnú? Tá an Chomhairle Oidhreachta ar lorg iarratais ó ghrúpaí pobail ar fud na hÉireann le haghaidh na Scéime ‘Uchtaigh Séadchomhartha’ faoin Déardaoin, 28 Feabhra.  Ceapadh an scéim le go n-aimseodh daoine séadchomhartha ina gceantar féin a rachadh beagán cúraim agus aire chun tairbhe dó agus le cuidiú le hiarrachtaí grúpa pobail áitiúil a bheith páirteach ina bhainistiú.  Agus é mar aidhm acu a chur ar chumas pobal tabhairt go gníomhach faoina gcuid láithreán oidhreachta agus seandálaíochta áitiúla a chaomhnú, tá an Chomhairle Oidhreachta ar lorg sé shéadchomhartha le glacadh isteach sa scéim don bhliain 2019.

 

Tá a lán séadchomharthaí a bheadh incháilithe, cuir i gcás séadchomhartha seandálaíochta, foirgneamh stairiúil, eiseamláir dár n-oidhreacht thógtha, gné den oidhreacht thionsclaíoch nó gné den tírdhreach cultúrtha.  “Tríd an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha tairgimid saineolas, meantóireacht agus tacaíocht do phobail le cuidiú leo aire a thabhairt dá n-oidhreacht áitiúil agus obair a dhéanamh i gcomhar le chéile le scéal a gceantair féin a fhorbairt agus a thuigbheáil”, arsa Ian Doyle, Ceannaire ar Chaomhnú leis an Chomhairle Oidhreachta.  “Maidir leis na séadchomharthaí iad féin, cuidíonn an scéim lena chinntiú go mbítear ag tabhairt aire agus cothabháil leanúnach dóibh, agus níos mó cosanta trí chur lena luach i measc an phobail, agus léirthuiscint agus eolas i bhfad níos fearr a chothú ina leith. Cé go bhfuil an líon spásanna atá ann teoranta, is mian linn cluinstin ó ghrúpaí ar mhaith leo ról ceannasach a ghlacadh orthu féin a chaomhnú séadchomhartha áitiúil a bhfuil siad an-tógtha faoi.” 

Adopt a monument

Tá Grúpa Caomhnaithe Chaisleán Chill Bharrainn páirteach i scéim ‘Uchtaigh Séadchomhartha’ na Comhairle ó bhí 2017 ann agus tá siad ag tabhairt faoi oibreacha caomhnaithe le bail sheasmhach a chur ar bhallóga Chaisleán Chill Bharrainn in aice le Ros Neamhlach.

 

Le trí bliana anuas, ghlac trí cinn déag de láithreáin oidhreachta ar fud na hÉireann páirt sa scéim. Áirítear orthu sin eaglaisí stairiúla, dún cloiche, daingin mhóta Angla-Normannach, láithreáin oidhreacht thionsclaíoch (ar nós foirgneamh meilte méine agus teach púdair), cúirt liathróid láimhe ó na 1930idí, garraí daingean de chuid na hochtú haoise déag agus eaglais pharóiste mheánaoiseach.

 

Tugann an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha deiseanna do dhaoine éirí gníomhach a chaomhnú agus a léirmhíniú láithreáin oidhreachta ina gceantar áitiúil féin; comhoibriú agus oibriú le chéile mar phobal; borradh a chur faoi thurasóireacht réigiúnach, cúrsaí gnó agus deiseanna fostaíochta; agus scéal a gceantair áitiúil a fhorbairt agus a thuigbheáil chomh maith le scileanna nua a fhoghlaim. “Tá dhá shéadchomhartha seandálaíochta i gContae Dhún na nGall – an Dún gar d’Ard an Rátha agus Caisleán Chill Bharrainn gar do Ros Neamhlach– páirteach sa scéim cheana féin,” arsa Seosamh Ó Gallchóir, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Chun na suíomhanna sin a thaifeadadh, a thuigbheáil agus suirbhé a dhéanamh orthu, tugadh oiliúint agus cuidiú le cúpla bliain anuas do na grúpaí pobail a bhí páirteach amhail Grúpa Oidhreachta & Staire an GAP in Ard an Rátha agus Grúpa Caomhnaithe Chaisleán Chill Bharrainn. Is é Oidhreacht Abarta a dhéanann bainistiú thar ceann na Comhairle Oidhreachta ar an Scéim Uchtaigh Séadchomhartha agus oibríonn sé fosta le pobail chun plean bainistíochta caomhnaithe a ullmhú agus maoiniú a aimsiú.” 

 

Is é an Déardaoin 28 Feabhra, 2019 an spriocdháta le haghaidh iarratas.  Gheofar sonraí breise agus foirm iarratais ar shuíomh idirlín na Comhairle Oidhreachta. Ba chóir iarratais chomhlánaithe a chur le r-phost chuig [email protected].

 

Tá comhairle ar iarratais don scéim le fáil ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Comhairle Contae Dhún na nGall ar  (074) 917 2576 nó trí r-phost chuig [email protected].

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO