Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháilteacht Bóthair

Teachtaireacht Sábháilteachta Bóthair agus Scoileanna ar Oscailt arís

 

Páistí ag Trasnú

 

Tá Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall ag cur i gcuimhne do thiománaithe, do rothaithe agus do pháistí a bheith an-chúramach ar na bóithre ar fud an chontae agus tús á chur leis an scoilbhliain úr i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh.

 

Is é a dúirt Brian Ó Domhnaill, An tOifigeach Sábháilteachta Bóthair: “Agus scoileanna á n-oscailt arís ar fud an chontae, tá sé tábhachtach a chuimhneamh go mbeidh méadú ar an trácht, go mbeidh busanna ag piocadh suas páistí agus iad á ligint amach, go mbeidh páistí ag siúl agus ag rothaíocht chuig an scoil agus uaithi, agus go mbeidh tuismitheoirí ag tiomáint a gcuid páistí ar scoil sula rachaidh siad féin chun oibre.

 

Beidh cuid mhór páistí beaga ag dul ar scoil don chéad uair fosta, mar sin sin déanaimis cinnte gur eispéireas dearfach a bheas ann dóibh trí mhoilliú síos agus a bheith níos cúramaí má bhíonn tú ag taisteal cóngarach do scoil nó thairsti. Níl aon am níos tábhachtaí do thiománaithe moilliú síos agus aire a thabhairt ná nuair a bhíonn páistí amuigh ar ár gcuid bóithre.

 

Tá ról tugtha do mhaoir tráchta scoile, atá fostaithe ag údaráis áitiúla, a chinntiú go bhfuil páistí in ann dul trasna bóithre poiblí go slán sábháilte agus iad ar a mbealach ar scoil agus abhaile arís.

 

“Tá ról fíorthábhachtach ag na maoir scoile agus tá go leor tiománaithe amuigh ansin go fóill nach dtugann aird ar chomhartha Stop an mhaoir in aineoinn dualgas dleathach a bheith orthu an fheithicil a stopadh’ arsa Brian Ó Domhanill, Oifigeach Sábháilteachta Bóthair. “Tá muid iontach buíoch don chuid is mó de na tiománaithe a stadann nuair a iarrtar orthu, ach tá líon mór tiománaithe ann go fóill a shíleann go bhfuil cead acu dul níos gasta nuair a bhíonn siad ag teacht chuig trasbhealach. Níl leithscéal ar bith ann le beatha páistí a chur i gcontúirt, nó sábháilteacht daoine eile ar an bhóthar, go háirithe má tá siad ag déanamh an turais ar luas atá ag fóirstean dóibh féin agus sábháilte dóibh féin. Ní féidir linn cur suas le haon rachtanna feirge ná bulaíochta ar na bóithr, go háirithe i gcoinne maoir scoile, nuair nach bhfuil á dhéanamh acu ag an obair a tugadh dóibh.’

 

Tá an drochpháirceáil thart ar scoileanna ag cur le heaspa sábháilteachta chomh maith agus dá bharr sin tá muid ag tathant ar thiománaithe cuidiú leis na scoileanna trí bheith ag tiomáint go cúramach agus go hairdeallach agus le páirceáil i bhfad ar shiúl ó áiteanna thart ar scoileanna a bhfuil cosc ar pháirceáil iontu. Caithfidh tiománaithe, ar an chéad dul síos, a bheith freagrach as a gcuid gníomhartha féin.

 

Is féidir le tuismitheoiri agus le múinteoirí páistí a ullmhú chomh maith don turas chun na scoile, agus ón scoil, trí bheith ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar na bóithre. Táthar ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí iarracht mhór a dhéanamh dea-iompar sábháilteachta a chleachtadh an t-am ar fad, mar an rud a tchí an páistí ghní an páiste. Mar sin de, má shiúlann do pháiste chun na scoile, nó má théann siad ar rothar, moltar duit iad a thabhairt ar an turas roimh ré agus a chinntiú go bhfuil a fhios acu cá bhfuil siad ag dul. Má théann siad sa charr nó ar an bhus, déan cinnte go dtuigeann siad chomh tábhachtach agus atá sé an crios sábhála a chaitheamh i gcónaí, agus a bheith ina suí go dtí go mbíonn an fheithicil páirceáilte go sábháilte san áit a bhfuiltear le tuirlingt.

 

Fá choinne Tiománaithe

 

Laghdaigh na rudaí a thig cur isteach ort sa charr, sa dóigh is gur féidir leat a bheith ag díriú ar an bhóthar agus ar dhaoine ag siúl.

 

Bí níos cúramaí thart ar scoileanna agus in áiteanna eile ina bhfuil páistí á bpiocadh suas agus á ligint amach.

 

Moilligh síos nuair a bhíonn tú ag dul thar bhus scoile nuair a bhíonn an bus sin ag piocadh suas páistí nó á ligint amach.

 

Bí i do eiseamláir mhaith. Déan tú féin an rud ceart trí do chrios sábhála a chur ort i gcónaí, agus déan cinnte go ndéanann gach paisinéir amhlaidh chomh maith, agus cuir ar leataobh do ghuthán, do chluasáin agus do ghléasanna nuair a bhíonn tú ag tiomáint.

 

 

Fá choinne Páistí

 

Chan amháin go bhfuil páistí i mbaol i bhfeithiclí ná ar rothair, ach tá siad iontach leochaileach mar shiúlóirí fosta.

 

Teagasc do na páistí agus iad an-óg go gcaithfidh siad amharc ar chlé, ar dheis, agus ar chlé arís, sula a dtéann siad trasna an bhóthair. Agus ansin cuir i gcuimhne dóibh gur chóir leanúint orthu ag amharc go dtí go mbíonn siad ar an taobh eile go sábháilte.

 

Teagasc do pháistí gutháin, cluasáin agus gléasanna a chur ar leataobh nuair a bhíonn siad ag trasnú an bhóthair. Tá sé an-tábhachtach ach go háirithe an teachtaireacht seo a chur ina luí ar dhéagóirí.

 

Is fearr i gcónaí siúl ar chosáin agus an bóthar a thrasnú ag áit atá sábháilte, ag úsáid trasbhealaí nuair a bhíonn siad ar fáil.

 

Caithfidh páistí faoi 10 mbliana d’aois dul trasna an bhóthair in éineacht le duine fásta. Tá gach páiste éagsúil, ach ó thaobh na forbartha de, níl formhór na bpáistí in ann luas ná achar carranna a thomhas go dtí go mbíonn siad 10 mbliana d’aois ar a laghad.

 

D’iarrfaimis arís ar scoileanna agus ar mhúinteoirí cuidiú linn tús áite a thabhairt don tsábháilteacht i mbliana tríd an tsábháilteacht a thabhairt isteach mar chuid thábhachtach dá bpleananna teagaisc agus trí smaointiú ar cheacht sábháilteachta bóthair a fháil ó acmhainní sábháilteachta an RSA le húsáid ina gcuid ranganna. Is féidir cóipeanna de na háiseanna sin a fháil ach dul i dteagmháil le hOifigeach Sábháilteachta Chomhairle Contae Dhún na nGall nó trí dhul i dteagmháil go díreach leis an Údarás um Sábháilteacht Bóthair. Tá Seirbhís Oideachais Náisiúnta Sábháilteachta Bóthair de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ar fáil le cuairt a thabhairt ar scoileanna chun cur i láthair cuimsitheach a dhéanamh ar shábháilteacht ar bhóithre do dhaltaí, agus is féidir é seo a chur in oiriúint do gach méid ranga, gach grúpa agus gach aois. Pléann siad le réimse topaicí a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre, ar a n-áirítear sábháilteacht bhóthair ar scoil, sábháitleacht don siúl agus don rothaíocht, saincheisteanna taistil i gcomhthéacsanna uirbeacha agus tuaithe, an tiomáint a fhoghlaim agus iompar marfach. Tá an tseirbhís seo saor in aisce. 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO