Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Sábháilteacht Bóthair - Clogannaí Siar

Iarrtar cúram ar na bóithre agus an clog ag dul siar

 

 Tráth a bhfuil an clog le cur siar, rud a thugann leid go bhfuil an geimhreadh ann agus an tráthnóna níos dorcha, tá achainí déanta ag an Ghrúpa Oibre um Shábháilteacht ar Bhóithre Dhún na nGall le gach duine a bhíonn ar an bhealach, agus coisithe agus rothaithe go háirithe, bheith le feiceáil agus bheith slán.

 

 

Go dtí seo i mbliana, tá 157 duine i ndiaidh bás a fháil ar na bóithre, rud is ionann agus 31 de mhéadú ar an tréimhse chéanna i 2015. Tá 10 marbh i nDún na nGall féin agus is iomaí duine eile a gortaíodh go dona mar gheall ar thimpistí bóthair in Éirinn.

 

 

Is bocht an scéal é ach d'fhéadfaí cuid mhór de na básanna agus gortuithe seo a sheachaint. Tá teachtaireacht againne atá simplí ach atá tábhachtach mar sin féin. Bíodh casóg shofheicthe ort má bhíonn tú ag siúl, ag rith, ach rothaíocht nó ag gluaisrothaíocht. Moilligh, más tiománaí thú, go háirithe nuair a bhíonn tú ag roinnt an bhealaigh mhóir le húsáideoirí leochaileacha. Is gá go mbeadh crios ceangailte ar gach tiománaí agus gach paisinéir tosaigh agus cúil gach uile thuras, agus cinntigh go bhfuil srian ceart ar pháistí. Ná bí ag tiomáint má bhíonn fón póca ag tarraingt d'airde, ná bí ag tiomáint agus lagú ort i ngeall ar alcól, ar dhrugaí nó ar thuirse, agus bíodh aird i dtólamh agat ar a bhfuil ag tarlú agus tú ag úsáid an bhealaigh mhóir. Is gá do lucht rothaíochta soilse agus frithchaiteoirí tosaigh agus cúil a úsáid agus molaimid go láidir go mbeadh clogad orthu.

 

 

Táimid á chur ina luí ar thiománaithe fosta a dhéanamh cinnte dearfa go bhfuil a gcuid feithiclí inchurtha leis an aimsir gheimhridh. Is gá go mbeidh bail mhaith ar bhoinn agus go mbeidh siad ag teacht leis an riachtanas dlithiúil. Thiocfadh le drochbhonn bheith ina chúis le timpiste thromchúiseach. Is gá go mbeidh na soilse glan, ar obair agus coigeartaithe mar is ceart. Cuimhnigh ceannsolas maolaithe a úsáid agus tú ag tiomáint sa drochaimsir. Má tá soilse ceo agat, bain úsáid astu nuair a bhíonn ceo ann ach cuimhnigh go bhfuil sé in aghaidh an dlí na soilse seo a bheith ar siúl agat in aimsir eile. Éist leis an chomhairle faoi thaisteal agus faoin aimsir ar an nuacht agus más gá, fág am breise agat féin lena chinntiú go dtiocfaidh tú slán go ceann scríbe.

 

 

Caithfimid uilig cur leis an tsábháilteacht bhóthair, go háirithe nuair a bhíonn an dorchadas ann níos luaithe agus go mbíonn orainn éirí cleachtaithe le bheith ag tiomáint sa dorchadas seal níos faide. Is gá do lucht úsáidte bóithre freagracht a ghlacadh as smaoineamh faoi gach rud a dhéanann siad ar an bhóthar agus tiomáint mar is cóir nuair a bhíonn an aimsir thaghdach ann. Ar aon dul leis sin, caithfidh coisithe agus rothaithe fanacht slán agus bheith sofheicthe i gcónaí.

 

 

Arsa Brian O'Donnell, an tOifigeach Sábháilteachta Bóithre; "Táimid uilig imníoch faoin mhéadú go dtí seo i mbliana ar an líon daoine a fuair bás ar na bóithre s'againn agus cuireann na básanna leanúnacha seo i gcuimhne dúinn uilig gurb é úsáid an bhealaigh mhóir an rud is contúirtí a dhéanaimid gach lá. Cuirfear an clog siar an deireadh seachtaine seo, rud a dhéanfaidh an tráthnóna níos dorcha, agus impím ar gach duine atá ag úsáid an bhóthair bheith níos cúramaí agus iad ar an bhóthar. Bí sofheicthe le héadaigh fhrithchaiteacha agus tú ag siúl nó ag rothaíocht, agus ba chóir do thiománaithe moilliú, ceannsolas maolaithe a úsáid agus a gcrios a bheith ceangailte acu. Caithfimid a bheith ar an eolas go mbeidh na bóithre níos contúirtí siocair an aimsir a bheith taghdach, mar sin is géarghá go mbímid uilig freagrach as ár gcuid tiomáint féin má táimid le stop a chur leis an mhéadú ar an bhás agus ar an drochghortú i dtimpistí bóthair .”

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO