Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Rothair don Afraic

Bronnaigí bhur rothair ar mhuintir na hAfraice le linn Mhí na hAthúsáide i mí Dheireadh Fómhair

Bikes for Africa

Sa ghrianghraf ag seoladh Feachtas Rothair le haghaidh na hAfraice tá Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola, Comhairle Contae Dhún na nGall, Peter Cutliffe, Club Rotary Leitir Ceanainn, Ken Sharpe, Club Rotary Leitir Ceanainn, Sharon Black, Uachtarán Chlub Rotary Leitir Ceanainn, Connie Gallagher, Bainisteoir Bryson Recycling agus Paddy Delap, Club Rotary Leitir Ceanainn.

 

Táthar ag tathant ar na daoine a gcuid seanrothar a dheonú ar Rothair le haghaidh na hAfraice mar chuid de Mhí náisiúnta na hAthúsáide.

 

“Mí na hAthúsáide atá i mí Dheireadh Fómhair agus táthar ag tathant ar gach duine an athúsáid a chur i bhfeidhm sa bhaile, san obair agus sa chaitheamh aimsire” a dúirt Suzanne Bogan, Oifigeach Feasachta Dramhaíola le Comhairle Contae Dhún na nGall.

 

Mar chuid de Mhí na hAthúsáide tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tacú leis an fheachtas athchúrsála ‘Rothair le haghaidh na hAfraice’ i gcomhar le Club Rotary Leitir Ceanainn agus Bryson Recycling, ina bhfuiltear ag tathant ar na daoine a gcuid seanrothar a dheonú trí iad a fhágáil ag aon cheann de na sé cinn d’Ionaid Athchúrsála Bryson i Leitir Ceanainn, An Clochán Liath, Baile na nGallóglach, Carn Domhnach, Srath an Urláir nó An Lathaigh le linn uaireanta oibre i mí Dheireadh Fómhair.   Féach ar www.brysonrecycling.org fá choinne uaireanta oscailte. 

 

Is fearr rothair do dhaoine fásta agus rothair atá ag fóirstean do dhéagóirí, atá cosúil leis na cinn sa phictiúr.   Níltear ag lorg rothair fá choinne páistí beaga mar chuid den fheachtas seo, ach is féidir iad sin a athchúrsáil sna hionaid athchúrsála.

 

Nuair a bhailítear na rothair, cuirtear iad chuig Teach Loughan, ionad ceartúcháin i gContae an Chabháin mar a gcuirtear clár athshlánúcháin agus oiliúna ar fáil do na cimí a bhfuil deis acu tacú le catharnais fosta trí bheith rannpháirteach.

 

Sa chás seo, cuireann siad bail agus dóigh ar na rothair.   Is í Seirbhís Phríosún na hÉireann a éascaíonn an socrú seo ina gcuireann na cimí dóigh ar na rothair agus iad ag tacú le carthanas chomh maith.  

 

Tá athchóiriú déanta ar i bhfad níos mó ná 2,000 rothar ó thosaigh an feachtas seo roinnt blianta ó shin, agus iomprófar iad uilig go dtí An Ghaimbia, áit a roghnaíonn Jole Rider Gambia, comhpháirtí de chuid an Rotary, na scoileanna agus déanann siad maoirseacht ar dháileadh na rothar, le cuidiú ó Roinn Oideachais na Gaimbia.   

 

Fanann na rothair faoi úinéireacht na scoile, agus dáileann na múinteoirí iad ar na páistí de réir critéir atá leagtha síos.  Nuair a fhágann an páiste an scoil, tugtar an rothar do pháiste eile.  Ní thugtar ach 100 rothar do gach scoil ar a mhó, mar straitéis.   Is é an éifeacht atá ag an straitéis seo ná go n-ardaítear caighdeáin acadúla na scoile ar fad, agus dá bhrí sin, go mbíonn tionchar dearfach ag gach rothar ar suas le 10 ndalta.  

 

“Tá cuid mhór páistí ina gcónaí i gceantracha iargúlta san Afraic, i bhfad ar shiúl ón scoil is cóngaraí” a dúirt Sharon Black, Uachtarán Chlub Rotary Leitir Ceanainn i mbliana. “Gan mhótariompar, iontaofa, inacmhainne a bheith acu, ní féidir leo an scoil a bhaint amach ach amháin de shiúl na gcos.  Sa teas bocht, is turas an-chrua é an turas chun an oideachais.  Déanann rothar difear mór ar fad do shaol na bpáistí seo, dá dteaghlaigh agus dá bpobail, agus tá lúcháir ar an Chlub Rotary s'againne a bheith páirteach go mórlena chinntiú go leanfar leis an obair seo.”

 

“Thig leat a bheith cinnte go n-úsáidfear do sheanrothar, nach bhfuil de dhíth ort níos mó b’fhéidir, chun cuidiú le páiste san Afraic, ar dhóigh nó ar dhóigh eile, dul chun na scoile am éigin amach anseo.,” arsa Sharon.

 

“Tá lúcháir orainne tacú le feachtas ‘Rothair le haghaidh na hAfraice’ de chuid an Chlub Rotary trí phointe bailithe a chur ar fáil sna sé cinn d’Ionaid Athchúrsála Bryson,” arsa Connie Gallagher, Bryson Recycling.   Tá muidne, Bryson Recycling, tiomanta le todhchaí níos fearr a thógáil, agus ba doiligh é seo a bhaint amach ar dhóigh níos fearr ná a bheith ag bailiú rothar le haghaidh páistí san Afraic.”     

 

Seo mar a labhair Suzanne Brogan mar fhocal scoir: “Is togra iontach é seo agus togra a thugann léargas maith ar na rudaí atá muid ag iarraidh a bhaint amach le linn mhí náisiúnta na hathúsáide. Is ionann rudaí a dheonú, a athchóiriú agus a dheisiú agus iad a athúsáid, agus tugann sin seans do dhaoine airgead a shábháil, a bheith cruthaitheach, scil úr a fhoghlaim agus a bheith airdeallach fá dtaobh den timpeallacht.

 

Fá choinne eolais ar uaireanta oscailte na nIonad Athchúrsála agus ar mhí na hAthúsáide féach arwww.donegalcoco.iewww.brysonrecycling.org agus www.reusemonth.ie

 

Is féidir na seanrothair le haghaidh daoine fásta agus déagóirí a dheonú ar an fheachtas Rothair le haghaidh na hAfraice, agus thig iad a fhágáil ag aon cheann de na sé Ionad Athchúrsála Bryson i Leitir Ceanainn, An Clochán Liath, Baile na nGallóglach, Carn Domhnach, Srath an Urláir, agus An Lathaigh le linn uaireanta oscailte ón Satharn le linn mhí Dheireadh Fómhair.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO