Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Próifíliú ar an Earnáil Oideachais

17/06/2014 - Ag Próifíliú na nDúshlán san Earnáil Oideachais i nDún na nGall

Ag Próifíliú na nDúshlán san Earnáil Oideachais i nDún na nGall 2012” , tuairisc a chuir Fo-Ghrúpa Sláine Eacnamaíochta de chuid an Choiste Seirbhísí Leanaí le chéile, le seoladh inniu ag an Uas. Pól Ó hAnnagáin, Uachtarán ITLC.

 

I ndiaidh roinnt laghduithe buiséid san earnáil Oideachais, choimisiúnaigh An Fo-Ghrúpa Sláine Eacnamaíochta taighde lena dtionchar a mheas i nDún na nGall.  Is é an tAonad Taighde agus Beartais i gComhairle Contae Dhún na nGall a rinne an taighde seo, le maoiniú ó Aonad Cuimsiú Sóisialta na Comhairle.

 

Tá léirithe sa Tuairisc, cé go bhfuil na laghduithe déanta ar dhóigh chothrom ar fud na tíre go bhfuil tionchar níos géire acu in áiteanna ina raibh leibhéil arda díothachta roimhe seo cheana féin, agus go n-aithnítear go forleathan go bhfuil cuid de na leibhéil is airde díothachta agus bochtaineachta sa stát le fáil i nDún na nGall, le blianta fada.

 

Agus é ag caint roimh an seoladh, rinne an tUas. Liam Mac an Bhaird, Cathaoirleach ar an Fho-Ghrúpa Sláine Eacnamaíochta, tagairt don cheangal láidir idir leibhéil arda díothachta agus leibhéil oideachais. "Trí dhúshláin bhreise a chruthú do theaghlaigh atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh rochtain ar dheiseanna oideachasúla de, agus roghanna gairme a theorannú dá bhrí sin, méadaítear an baol dífhostaíochta agus an baol bochtaineachta, agus baintear an bonn den chreatlach shóisialta ar a dtógtar teaghlaigh. Caithfear na himpleachtaí a bhaineann le laghdú acmhainní a aithint, agus caithfear dul i ngleic leo, le haon chreimeadh breise eile ar an bhonn scileanna agus ar an bhonn eolais i nDún na nGall a stad."

 

Chuathas i gcomhairle le príomhoidí, daltaí, tuismitheoirí agus réimse gairmithe mar chuid den taighde seo, agus léiríonn na torthaí an tábhacht atá le seirbhísí tacaíochta do scoileanna, an tOifigeach Leasa Oideachais agus an Síceolaí Oideachais san áireamh. Is mór ag na baill teagaisc iad seo, agus iarrann an tuairisc maoiniú breise le haghaidh na seirbhísí seo.

 

D'aithin daltaí an ról fíorthábhachtach atá ag Cúntóirí Riachtanais Speisialta sa seomra ranga, chomh maith le múinteoirí Tacaíochta Foghlama agus Acmhainne chun tacú le páistí agus daoine óga a bhfuil riachtanais bhreise acu.  

 

Rinne na tuismitheoirí tagairt do chostas na leabhar agus do shíntiúis dheonacha, agus an mearbhall i dtaca leis an Scéim Iompair Scoile.

 

Tá réimse eagraíochtaí agus áisíneachtaí ar Choiste Seirbhísí Leanaí Dhún na nGall, a bhfuil cúram orthu seirbhísí do pháistí agus do dhaoine óga sa chontae a chomhphleanáil agus a chomhordú. Is é an cuspóir atá acu torthaí forbartha níos fearr a bhaint amach do pháistí agus do dhaoine óga, agus as an chúig sprioc atá leagtha síos go náisiúnta tá dhá cheann a dhearbhaíonn go dtacófar le páistí i mbun foghlaim ghníomhach agus go mbeidh siad slán go eacnamúil. Úsáidfear na moltaí ón taighde seo san obair atá ar siúl ag an Choiste Seirbhísí Leanaí faoi láthair ar Phlean Gníomhaíochta do Pháistí agus do Dhaoine Óga.

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO