Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Plean úr Forbartha Contae 2018-2024

Plean úr Forbartha Contae ag teacht i bhfeidhm inniu

DCDP

An Cathaoirleach, An Clr. Gerry McMonagle sa ghrianghraf ag seoladh Phlean Forbartha Contae Dhún na nGall 2018-2024 i gcomhar le baill foirne de chuid na Comhairle Paul Christie, Sinéad McCauley, Maeve McElroy, Eunan Quinn, Joe Duffy, Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Seirbhíse agus Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall.

 


Preas-Ráiteas 5 Meitheamh 2018 

 

Tiocfaidh an Plean úr Forbartha Contae 2018-2024 i bhfeidhm inniu Dé Máirt 5 Meitheamh.

 

Ghlac comhaltaí tofa Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an Phlean ar an 9 Bealtaine 2018 agus is é seo an chéad phlean comhtháite do limistéar feidhme Chomhairle Contae Dhún na nGall, ar a n-áirítear na seanlimistéir faoi Chomhairlí Baile Leitir Ceanainn, Bhun Cranncha agus Bhun Dobhráin.

 

Glacann Plean úr Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall áit chan amháin Plean Forbartha Contae Dhún na nGall 2012 - 2018 ach chomh maith leis sin Plean Forbartha Leitir Ceanainn agus an Ceantar Máguaird 2009 - 2015, Plean Forbartha Bhun Cranncha agus an Ceantar Máguaird 2014-2020, agus Plean Forbartha Bhun Dobhráin agus an Ceantar Máguaird 2009 - 2015.

 

Tá an Plean úr á ullmhú le dhá bhliain agus bhíothas i mbun comhairliúchán poiblí cuimsitheach agus plé cuimsitheach le páirtithe leasmhara éagsúla.

 

Creideann Séamus Ó Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, go bhfuil sé tráthúil go bhfuil glactha leis an phlean. “Tá an tráthúlacht foirfe sa mhéid is gur glacadh leis an Phlean seo go gairid i ndiaidh don Chreat Náisiúnta Pleanála a bheith foilsithe agus inar ainmníodh Leitir Ceanainn mar ionad réigiúnach le haghaidh fáis agus inar aithníodh Réigiún Cathrach Leitir Ceanainn, Dhoire agus an tSratha Báin.   Is doiciméad an-tábhachtach é seo leis an chontae a fhorbairt agus beidh ról tábhachtach aige le go mbeidh Dún na nGall agus réigiún an Iarthuaiscirt in ann barr a chumais a bhaint amach.

 

 

Thug an Cathaoirleach, an Clr. Gerry McMonagle aitheantas don ról a bhí ag na comhaltaí tofa. “Is plean an-tábhachtach é seo do Dhún na nGall.   Leagann sé amach an creatlach úsáide talún a bheas mar threoir le haghaidh forbairtí sa chontae sna sé bliana atá amach romhainn.  Níl sé furasta ná baol air Plean mar seo a chur le chéile, agus a mbeidh an-tábhacht leis ó thaobh leas an phobail mhóir, agus in amannaí is gá cinnithe deacra a dhéanamh.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe ar Chomhairle Contae Dhún na nGall as na cinnithe deacra seo a dhéanamh agus as páirt a ghlacadh sa phróiseas ar dhóigh iontach cuiditheach agus dearfach.”

 

Thug Eunan Quinn, Pleanálaí Sinsearach le Comhairle Contae Dhún na nGall, aitheantas fosta don leibhéal rannpháirtíochta agus comhairliúcháin a rinne an pobal i dtaca leis an Phlean. “Bhí lúcháir orainn le leibhéal na suime a léirigh daoine aonaracha, grúpaí, gnólachtaí agus eagraíochtaí ar fud an chontae ar fad, agus chuidigh an rannpháirtíocht agus an comhairliúchán seo linn Plean a fhorbairt atá ceart do Dhún na nGall agus Plean a léiríonn na coinníollacha uathúla atá sa chontae seo againne, chomh maith leis na dúshláin agus na deiseanna atá ós ár gcomhair mar chontae.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuidigh ar dhóigh ar bith, go háirithe iad siúd a thug tuairimí agus aiseolas agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na comhaltaí tofa as a bheith lánpháirteach le linn an phróisis”.

 

Tá cóipeanna de Phlean Forbartha Contae 2018-2024 ar fáilar líne. Uaslódálfar roinnt doiciméid chúlra eile in am is i dtráth.

 

Beidh cóipeanna ar fáil lena scrúdú sna laethanta amach romhainn le linn gnáthuaireanta oifige in Oifigí de chuid na Comhairle agus i leabharlanna poiblí ar fud an chontae.  Is féidir an Plean a cheannach fosta trí dhul i dteagmháil le Lár-Aonad Pleanála na Comhairle ar 074 91 53900.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO