Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oíche le Cócairí

Dún na nGall ag dul ó neart go neart mar cheann scríbe bia

 

 

Signature Dish 130 379 x 269

 

Béilí Aitheantais á seirbheáil le linn Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall

Oíche Dé Máirt

 

  

Tugadh taispeántas aoibhinn de bhia do suas le 70 aoi speisialta oíche Dé Máirt nuair a tháinig dhá chloigeann déag de na cócairí is fearr sa chontae le chéile in Óstán Harvey’s Point lena gcuid bia is fearr as Dún na nGall a chur ar taispeáint.  

 

 

Signature Dish 24 379 x 269

Cócairí as Dún na nGall ag glacadh páirte in Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall

In Óstán Harvey’s Point oíche Dé Máirt, ina seasamh ó chlé go deas:

Brian McDermott, Aoi Speisialta agus Fear an Tí; Paul Brady, Óstán agus Teacht Tuaithe Castle Grove;

 Marco Letterese, Seantábhairne agus Bialann an Olde Castle;

Gary McPeake, Óstán McGrory; Christopher Molloy,

Bialann an Lemon Tree; Brian McMonagle, Óstán Arnolds;

Ian Orr, Browns on the Green; Karl Murtagh Óstán agus Spá an Silver Tassie.

Ina suí ó chlé go deas: Kamal Rai, Óstán McGrory; Anthony Armstrong,

Óstán an Nesbitt Arms; Colin McKee,  Óstán Harvey’s Point; Joe O’Hora,

Beár Caife agus Bialann Benny & Co Coffee agus Chris McMenamin, Harvey’s Point.

 

 

D’ullmhaigh cuid de na cócairí is mó tallann i nDún na nGall béilí a chuirfeadh cíocras ar chloch ghlas, agus iad ag úsáid bia áitiúil ó sholáthróirí áitiúla.  Chuaigh an caighdeán ard cócaireachta, ag an chéad Oíche Bhéilí Aitheantais seo de chuid Dhún na nGall, go mór i bhfeidhm ar na haíonna, ina measc scríbhneoirí agus blagadóirí a bhfuil clú agus cáil orthu. 

 

 

Signature Dish 63 379 x 269

Cócaire Gary McPeake ag déanamh spraoi sa chistin le linn ullmhúchán bia

Ag Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall in Óstán Harvey’s Point

oíche Dé Máirt.

 

 

I measc na n-aíonna a fuair cuireadh bhí Kevin Dundon, cócaire clúiteach as Éirinn, pearsa teilifíse, údar agus úinéir ar Scoil Chócaireachta agus Cistíní Dunbrody; Farida Zeynalova Eagarthóir Cúnta le National Geographic Traveller Food; Aoife Carrigy Cathaoirleach ar Chumann Scríbhneoirí Bia na hÉireann, saor-iriseoir, údar, criticeoir bialainne, agus blagadóir bia ar HolyMackerel.ie;Cócaire as Dún na nGall Zack Gallagher Ambasadóir Bia le Fáilte Éireann, Blagadóir ar Threoir fá Bhia na hÉireann; Kwanghi Chan cócaire oilte ag Michelin, bunaitheoir ar ChanChan agus ambasadóir le Bord Bia Shanghai; Seán Redmond, ionadaí le Cumann Bialann na hÉireann agus íMáire Áine Gardiner ag déanamh ionadaíochta ar son Fáilte Éireann.

 

Signature Dish 75 379 x 269

Noel Cunningham ag cur fáilte roimh aíonna chuig Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall

In Óstán Harvey’s Point oíche Dé Máirt. Ó

Chlé go deas An Dr Ciarán Ó hAnnarcháin, Scoil Turasóireachta ITLC;

Bearnaí Mac Lochlainn, Comhairle Contae Dhún na nGall, An Clr Micheál

Naughton; Séamus Ó Conghaola, Comhairle Contae Dhún na nGall

Turasóireacht Dhún na nGall; Cócaire Clúiteach Kevin Dundon; Farida Zeynalova,

National Geographic Traveller Food; Aoife Carrigy,

Cumann Scríbhneoirí Bia na hÉireann; Cócaire Brian McDermott; Kwanghi Chan, Bord

Bia Shanghai; Iga Lawne, Comhairle Contae Dhún na nGall; An Dr Seán

Duffy, Scoil Turasóireachta ITLC agus An Clr Martin Harley.

 

 

I ngnaíúlacht an ghairdín dheas, cuireadh tús leis an ócáid le fáiltiú dí agus seirbheáladh amach canapés.  Bhí deis ag na haíonna fosta rogha de dheochanna áitiúla a bhlaiseadh, ar nós beoracha ceirde, jin agus uisce beatha, a bhuí le Grúdlann an Bog Hopper i Magh, Comhlacht Grúdaireachta Dhún na nGall i mBéal Átha Seanaidh, Grúdaireacht Choineacair i Leitir Ceanainn, Comhlach Grúdaireachta an tSeanmhuilinn i gConmhaigh, agus Drioglann Shliabh Liag ón Charraig.

 

Signature Dish 94 379 x 269

Cócairí ag cur dlaoi mhullaigh ar a gcuid béilí i ngrianghraf le

Freastalaithe agus iad i líne agus réidh le haghaidh seirbhíse le linn Oíche Bhéilí

Aitheantais Dhún na nGall in Óstán Harvey’s Point oíche Dé Máirt.

 

 

Is é a bhí san ócáid bhlaiseadh dinnéara ná 10 gcinn de bhéilí éagsúla ó áiteanna éagsúla sa chontae agus iad cócaráilte ar an oíche. Bhí lán goile ann gan trácht ar lán súl. Roghnaigh an coiste eagrúcháin na béilí le linn próiseas roghnúcháin ní ba luaithe sa bhliain. Bhí dhá chritéir le comhlíonadh ag achan bhéile - bia de chuid Dhún na nGall a úsáid agus a bheith ar fáil ar chlár bia gach bialainne faoi láthair, nó ar bhonn séasúrach.

 

 

Signature Dish 98 379 x 269

Glacann duine de na haíonna grianghraf de Shailéad Biatais an Fhómhair

Le linn Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall

In Óstán Harvey’s Point oíche Dé Máirt.

 

 

Is é a dúirt an Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall “tá cócairí iontacha den chéad scoth againn i nDún na nGall, a úsáideann na bianna blasta áitiúla a chuireann feirmeoirí agus iascairí ar fáil, le béilí a chur ar fáil a tharraingíonn aird ar ár n-oidhreacht ar ár gcultúr. Caithfidh muid scéal úr a inse fá bhia agus fá dheochanna Dhún na nGall, ag leagan béim ar chaighdeán, ar bharantúlacht, ar nuálacht agus ar luach ar airgead, agus sin an fáth go bhfuil muid anseo inniu”.

 

Signature Dish 105 379 x 269

An Clr. Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall

Ag caint le haíonna ag Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall

oíche Dé Máirt.

 

 

Ghabh Bearnaí Mac Lochlainn ó Chomhairle Contae Dhún na nGall buíochas leis an choiste, leis na cócairí a chuir béilí ar fáil, le fear an tí Cócaire Brian McDermott, óstaithe na dtáblaí, oibrithe agus bainisteoirí Harvey’s Point, agus na haíonna ar fáil as teacht chuig an ócáid, agus ghabh sé buíochas ar leith leis na cócairí a thug faoin dúshlán a gcuid béilí a chócaráil agus a sheirbheáil, rud a rinne ócáid iontach speisialta den oíche le haghaidh gach duine a bhí i láthair.

 

Signature Dish 101 379 x 269

Oibrithe de chuid Harvey’s Point ag cur seirbhís bia den scoth ar fail

Le linn Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall oíche Dé Máirt

 

 

 

 

Signature Dish 102 379 x 269

Deirdre McGlone, Kevin Dundon, Caroline Kerr agus

Aisling Arnold ag baint sult as Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall

In Óstán Harvey’s Point oíche Dé Máirt

 

 

Signature Dish 126 379 x 269

An buíochas deireanach le gach cócaire a ghlac páirt in

Oíche Bhéilí Aitheantais Dhún na nGall oíche Dé Máirt le baill foirne ó

Harvey’s Point a fuair bualadh bos seasta ag deireadh na hoíche.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO