Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Oíche Eolais Uisce

Oíche Eolais ag Uisce Éireann fá dtaobh de Ráth Mealtain, Baile na nGallóglach agus Ráth Maoláin

Oíche Eolais ag Uisce Éireann fá dtaobh de Ráth Mealtain, Baile na nGallóglach agus Ráth Maoláin

Tá Uisce Éireann ag reáchtáil Oíche Eolais Phoiblí i Seomra na Comhairle, Ionad Seirbhíse Poiblí Bhaile na nGallóglach Dé Luain 15 Deireadh Fómhair 5.30-7.30pm chun pleananna le haghaidh Scéim Séarachais Ráth Mealtain, Bhaile na nGallóglach agus Ráth Maoláin a chur i láthair.

 

 San am i láthair níl aon chóras cóireála fuíolluisce ag Ráth Mealtain ná Ráth Maoláin, agus is córas lochtach easnamhach atá ag Baile na nGallóglach , agus tá fuíolluisce neamhchóireáilte nó páirtchóireáilte á sceitheadh isteach sa timpeallacht  sna trí cheantar seo. Níl se inghlactha fuíolluisce neamhchóireáilte a sceitheadh agus tá sé i gceist ag Uisce Éireann an fhadhb seo a réiteach.

 

Is é a bheas i gceist leis an tionscadal atá beartaithe ná córas úr cóireála fuíolluisce a dhearadh agus a thógáil a bheas in ann deileáil le fuíolluisce ó na trí cheantar, agus an timpeallacht a shlánú agus sláinte na ndaoine a chosaint chomh maith.

 

Le linn an tseisiúin eolais seo beidh baill foirne an tionscadail ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt agus aon aiseolas a bhailiú maidir leis an tionscadal.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO