Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Northern Powerhouse UK

Gnólachtaí áitiúla teicneolaíochta ag scrúdú deiseanna in Northern Powerhouse na Ríochta Aontaithe

Co-Lab

Cainteoirí ag an ócáid speisialta a reáchtáladh in CoLab ITLC le nascanna le Northern Powerhouse na Ríochta Aontaithe a phlé. An tAire Joe McHugh, T.D., Seamus Neely, Comhairle Contae Dhún na nGall, Paul Hannigan, ITLC, Carol Brennan, Fiontraíocht Éireann Shirley McCay, Ambasáid na Breataine, Nigel Jones, An Roinn um Thrádail Idirnáisiúnta, John McNamara, SendMode, Barry Harper, Nvolve Group agus Toni Forrestor, Comhlachas Leitir Ceanainn

 

D’óstáil an Co-Lab i Leitir Ceanainn ócáid ar leith maidin inné le haghaidh gnólachtaí ardteicneolaíochta a bhfuil suim acu i ndeiseanna i réigiún Northern Powerhouse na Ríochta Aontaithe, mar chuid de Sheachtain Fiontraíochta Dhún na nGall.

 

Tugann Norther Powerhouse le chéile cathracha, bailte agus pobail tuaithe as tuaisceart Shasana agus tuaisceart na Breataine Bige le bheith ina lár-ionad domhanda cruthaitheachta agus nuálaíochta in earnáil na teicneolaíochta.

 

Creideann Shirley McCay, Stiúrthóir Trádála agus Infheistíochta le hAmbasáid na Breataine i mBaile Átha Cliath, agus a rinne comh-óstáil ar an ócáid, creideann sí go bhfuil deiseanna iontacha do ghnólachtaí Éireannacha i margadh an RA go fóill in aineoinn an Bhreatimeachta. Tá an Ríocht Aontaithe ar an séú geilleagar is mó sa domhain agus leanfar lena bhéim ar an fhiontraíocht agus ar an nuálaíocht. 

 

Thug Nigel Jones ón Roinn um Thrádáil Idirnáisiúnta cur i láthair suimiúil agus spreagúil maidir le heiceachóras na fiontraíochta atá tagtha chun forbartha sa réigiún seo i dtuaisceart an RA. 

 

Labhair painéal de ghnólachtaí áitiúla ag an ócáid fosta.

 

Mhol an tAire Joe McHugh TD Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus Comhairle Contae Dhún na nGall as an togra seo, agus luaigh sé na ceangail i bhfad siar idir Dún na nGall, Doire agus An Srath Bán agus na cathracha Learpholl, Birmingham agus Manchain.  

 

 Rinne sé tagairt fosta don chaidreamh láidir atá cruthaithe idir réigiún an Iarthuaiscirt agus Ambasáid na Breataine le roinnt blianta anuas, agus dúirt sé go raibh súil aige go bhféadfaimis an leas is mó agus is féidir a bhaint as cur chuige idir-réigiúnach idir an dá áit.  

 

Agus é ag caint i ndiaidh na hócáide, dúirt Séamus Mac Conghaola, Príomh-Fheidhmeannach le Comhairle Contae Dhún na nGall, go raibh lúcháir air leis an tsuim mhór a léirigh gnólachtaí áitiúla sa togra, agus go gcreideann sé go bhfuil seans maith praiticiúil ann ag gnólachtaí, institiúidí tríú leibhéil agus áisíneachtaí tacaíochta leanúint ar aghaidh ag tógáil ar an chaidreamh chomh-bhuntáistiúil idir na gnólachtaí fá Réigiún Cathartha Leitir Ceanainn, Dhoire agus an tSratha Báin agus Réigiún Northern Powerhouse na Ríochta Aontaithe.  

 

Ghabh sé buíochas leis na bainisteoirí agus leis na baill foirne in Ambasáid na Breataine in Éirinn as a dtacaíocht agus a dtiomantas leanúnach do réigiún an Iarthuaiscirt.

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO