Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Maoiniú Éigeandála

16 Aibreán 2020 – Iarratais á lorg faoi Chiste Éigeandála COVID-19

Deis Maoinithe

 

Iarratais á lorg faoi Chiste Éigeandála COVID-19

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar dhaoine iarratas a chur isteach do chlár a chuireann maoiniú agus tacaíocht ar fáil do ghrúpaí pobail agus deonacha atá buailte mar gheall ar COVID-19.

 

Cuirfidh Ciste Éigeandála COVID-19 maoiniú iomlán de €2.5 milliún ar fáil do ghrúpaí i gcásanna ina bhfuil géar gá le maoiniú. Beidh sé ar fáil do na grúpaí sin atá páirteach sa togra rialtais ‘Glao an Phobail’ atá faoi stiúir na n-Údarás Áitiúil mar fhreagairt ar an ghéarchéim COVID-19.

 

Tá €81,759 curtha i leataobh do Chomhairle Contae Dhún na nGall agus beidh siad ábalta an t-airgead a dháileadh mar dheontais faoin scéim seo. Tá sé i gceist go mbeidh tromlach an mhaoinithe atá curtha i leataobh imfhálaithe do dheontais ar luach €1,000 nó mar sin.

 

Chuir Seamus Neely, Príomfheidhmeannach agus Cathaoirleach Fhóram Freagartha Pobail COVID-19 i nDún na nGall, fáilte roimh an mhaoiniú ag am ina mbeidh sé mar chuidiú ag pobail an chontae seo atá ag déanamh a seacht ndícheall le linn na géarchéime. “Tá grúpaí pobail agus deonacha ag cur an oiread tacaíochta ar fáil le linn na géarchéime seo agus tá lúcháir orainn go mbeidh muid ábalta cuid de na costais a bhaineann leis an obair seo a chlúdach’.

 

Chuir an Clr. Niamh Kennedy, Leaschathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ball d’Fhóram Freagartha Pobail COVID-19, fáilte roimh an chlár agus iarrann sí ar na grúpaí sin atá mar pháirt den fhreagairt ‘Glao an Phobail’ iarratas a chur isteach. “Cuirfidh an clár seo tacaíocht ar fáil do ghrúpaí pobail sa dóigh agus go mbeidh siad ábalta leanúint leis an obair shárluachmhar atá siad a dhéanamh ar son na ndaoine ar fud an chontae le linn na géarchéime seo”.

 

Dáta Deiridh


Caithfidh na hiarratais a bheith líonta agus istigh roimh 3.i.n ar an Aoine 24ú Aibreán 2020. Tá tuilleadh eolais agus foirm iarratais le fáil ag:

http://www.donegalcoco.ie/community/fundingforyourgroup/covid19emergencyfund/#d.en.25271

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO