Buíochas glactha leis na daoine a d’aimsigh iarsmaí réamhstairiúla óir i gContae Dhún na nGall
Ghabh Músaem Contae Dhún na nGall agus Ard-Mhúsaem na hÉireann buíochas leis na haimsitheoirí agus leis an phobal áitiúil as an chleachtas is fearr seandálaíochta agus feirmeoireachta a leanúint i ndiaidh gur thángthas ar iarsmaí tábhachtacha Dé Máirt a shíltear a bhaineann leis an Chré-Umhaois.
Seo mar a labhair Eileen Burgess, Bainisteoir na Seirbhísí Cultúrtha i gComhairle Contae Dhún na nGall; “mar Mhúsaem Sainithe bhí lúcháir ar Mhúsaem Contae Dhún na nGall cuidiú a thabhairt dár gcomhleacaithe san Ard-Mhúsaem an taisce óir seo a thabhairt agus a choinneáil slán. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leis na haimsitheoirí agus leis an phobal áitiúil as eolas a chur chugainn faoin ábhar seo ar thángthas air, agus as an chleachtas is fearr seandálaíochta agus feirmeoireachta a leanúint. Tá Músaem an Chontae ag súil le bheith ag obair i gcomhpháirt leis an Ard-Mhúsaem le tuilleadh eolais a fháil amach faoin taisce réamhstairiúil iontach seo”.
Fuair Ard-Mhúsaem na hÉireann tuairisc Dé Máirt 26 Meitheamh gur thángthas ar iarsmaí suntasacha i gContae Dhún na nGall ar cosúil gur ón Chré-Umhaois a thagann siad.
Thaistil saineolaithe ón Ard-Mhúsaem go dtí an láthair ina bhfuartha na hiarsmaí agus rinne siad grinnscrúdú ar an láthair le haghaidh fianaise faoi cén dóigh agus cén uair a fágadh na hiarsmaí tábhachtacha sin san áit.
Dúirt Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Bn. Uas. Lynn Scarf “gur chuid an scéala faoin taisce iontach seo gliondar ar Ard-Mhúsaem na hÉireann. Ba mhaith leis an Mhúsaem aitheantas a thabhairt do na daoine a d’aimsigh an taisce agus don phobal áitiúil i nDún na nGall mar gheall ar a gcomhoibriú. Ba mhaith linn fosta buíochas a ghabháil lenár gcomhleacaithe i Músaem Contae Dhún na nGall as a gcomhoibriú agus as a gcuidiú maidir leis an aimsiú seo, agus tá muid ag súil le bheith ag obair i gcomhpháirt leo maidir leis an aimsiú seo sna míonna amach romhainn.’
Go díreach i ndiaidh do na hiarsmaí a bheith aimsithe tugadh ar shiúl iad ón suíomh agus aistríodh iad go hArd-Mhúsaem na hÉireann. Beidh siad ar taispeáint chomh luath agus a bheidh deireadh leis na scrúduithe tosaigh.