Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Gradaim Tip Ó Néill

Triúr Ambasadóirí Diaspóra ag fáil Ard-Ghradam Tip Ó Néill

 

Is iad Coiste Bailithe Airgid Homes of Donegal - a thóg cuid mhór airgid chun cuidiú le daoine ar scriosadh a dtithe anuraidh de bharr tuilte in Inis Eoghain - Paul McGinley, galfaire gairmiúil, agus Iar-Ghobharnóir Maryland, Martin O’Malley atá ainmnithe mar bhuaiteoirí Ard-Ghradaim Dhiaspóra Tip Ó Néill 2018 i mbliana.

 

 

Is de bharr an méid oibre a rinne siad i ndiaidh tuilte in Inis Eoghain anuraidh, nuair a thóg siad cuid mhór airgid, atá Coiste Bailithe Airgid The Homes of Donegal roghnaithe don onóir. Chuir siad an t-airgead chuig Cros Dhearg na hÉireann le é a dháileadh ar na daoine sin a bhí thíos leis na tuilte, i ndiaidh do na tuilte teacht ina rabharta fríd an inis ar fad agus ag scriosadh tithe agus gnólachtaí ar an bhealach.

 

 

Don dara bliain i ndiaidh a chéile, beidh an Chomhairle ag tabhairt aitheantais do níos mó na duine amháin ón Diaspóra; is iad an dá bhall eile a gheobhaidh gradaim chomh maith ná iar-Ghobharnóir Maryland, Martin O’Malley agus Paul McGinley an galfaire gairmiúil. Bronnfar an onóir ortha ag ócáid speisialta Dé hAoine 14 Meán Fómhair in Óstán an Inishowen Gateway, Bun Crannchra.

 

 

Fógraíodh buaiteoirí na ngradam don bhliain 2018 inniu Dé Luain 23 Iúil 2018 ag fáiltiú speisialta i Leifear.

 

 

Paul McGinley 379 x 269

                                 Paul McGinley

 

 

Agus é ag caint ag an seoladh is é a dúirt an Cathaoirleach, an Clr Séamus Ó Domhnaill, go raibh lúcháir air go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt aitheantais do thriúr ball den Diaspóra Éireannach as a gcuid éachtaí agus as a spéis agus as a  dtacaíocht don phobal Éireannach thar lear.  

 

 

“Tá a fhios agam go bhfuil gach duine de bhuaiteoirí na bliana seo iontach bródúil as a gceangal le Dún na nGall agus go ndéanann siad a ndícheall Dún na nGall a chur chun cinn insna réimsí ina bhfuil siad gníomhach.

 

 

Insíonn a gcuid éachtaí a scéal féin, agus tá lúcháir ormsa go bhfuil muidne i gComhairle Contae Dhún na nGall, trí Ghradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill, in ann ómós a thabhairt dóibh de bharr a gcuid sár-éachtaí.”

 

 

Is togra de chuid Thionscadal Diaspóra Dhún an nGall i gComhairle Contae Dhún na nGall é Gradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill , agus cuireadh tús leis in 2012 céad bliain i ndiaidh bhreith Thomas P. Tip O’Neill.   

 

 

Ba Pholaiteoir Meiriceánach agus Státaire é Tip O’Neill, arb as Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall a sheantuismitheoirí ar thaobh a mháthar. Bhí sé ina Cheann Comhairle ar Theach na nIonadaithe i SAM ó 1977 go dtí 1987.

 

 

I measc na mbuaiteoirí roimhe seo bhí Chris Matthews, craoltóir agus tráchtaire polaiteoir a raibh an-aithne air, Therese Murray, iar-Uachtarán Sheanad Stáit Massachussets, Niall O’Dowd, iriseoir agus foilsitheoir Éireannach lonnaithe in Nua-Eabhrac, Brian Schweitzer, iarGhobharnóir ar Montana, agus Loretta Brennan Glucksman, duine daonchairdiúil de chuid SAM.

 

 

Martin O'Malley 379 x 269

                              Martin O'Malley

 

 

Anuraidh, don chéad uair riamh ó thosaigh na gradaim, d’aithin an Chomhairle ceathrar ball den Diaspóra - Barbara Koster, Packie Bonner, Martin Meehan agus Fraser Doherty.

 

 

Tá an Clr. Nioclas Mac an Chrosáin ina Chathaoirleach ar Choiste Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip Ó Néill agus dúirt sé go raibh sé ag súil go mór le himeachtaí an deireadh seachtaine agus le hoíche speisialta bronnta gradam.

 

 

Beidh Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le hOllscoil Uladh i gColáiste Mhig Aoidh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, ag reáchtail roinnt imeachtaí le linn an deireadh seachtaine.

 

 

Cuirfear clabhsúr leis an deireadh seachtaine le Dúshlán Gailf Tip O’Neill Dé Sathairn 15 Meán Fómhair ar an Ghalfchúrsa clúiteach i mBaile Lifín.  Tiocfaidh roinnt foirne coláiste as Meiriceá ar ais go Dún na nGall i mbliana chun páirt a ghlacadh sa chomórtas, i gcuideachta Tom Ó Néill, mac le Tip, a thagann ar cuairt do Dún na nGall gach bliain chun tacú leis an ócáid.

 

 

Agus é ag caint ag an fháiltiú dúirt an Príomh-Fheidhmeannach Séamus Neely go raibh sé ag súil go mór le fáilte a chur roimh na haíonna speisialta seo go Dún na nGall agus le leanstan de bheith ag tógáil caidreamh chun Tionscadal Diaspóra Dhún na nGall a leathnú agus a fhorbairt ar mhaithe le Diaspóra Dhún na nGall, sa tír seo agus thar lear.

 

 

Beidh Mór-Shearmanas Ghradaim Dhiaspóra Éireannach Tip Ó Néill ar siúl in Óstán an Inishowen Gateway, Bun Cranncha, Dé hAoine 14 Meán Fómhair 2018 agus beidh ticéid ar fáil le ceannach ó www.localenterprise.ie/Donegal.

 

Declan Houton 379 x 269

                                   Declan Houton

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO