Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Glantachán Cósta

Glac páirt sa ghlanadh cósta is mó sa domhan

Beach Clean

 

 

Beidh Glantachán Mór Trá de chuid Chóstaí Glana ar siúl  ar fud na hÉireann le linn an deireadh seachtaine den 15, 16, agus 17 Meán Fómhair. Tá Cóstaí Glana ag comhoibriú leis an Fhoras Caomhanta um Aigéin Idirnáisiúnta arís don Ghlantachán Cósta Idirnáisiúnta.

 

In 2017, mar chuid den Ghlantachán Idirnáisiúnta Cóstaí, bhailigh 789,138 oibrí deonach i mbreis agus 100 tír chóir a bheith 9,300 tonna de bhruscar mara le linn na hócáide.

 

In Éirinn, reáchtáladh 157 glantachán trá, ina raibh os cionn 3,000 oibrí deonach páirteach, agus bailíodh 18 dtonna de bhruscar mara ón chósta.

 

Dálta blianta eile roimhe sin, ag barr an liosta bhí thart fá 2.4 milliún tonna de bhunanna toitín le scagairí plaisteacha.

 

Seo a leanas na rudaí is mó a bailíodh le linn an Ghlantacháin Chóstaí Idirnáisiúnta in 2017:

 

  • Cumhdaigh bhia (1.7 milliún)
  • Buidéil phlaisteacha le haghaidh deochanna (1.6 milliún)
  • Caipíní le haghaidh buidéil phlaisteacha (1.1 milliún)
  • Málaí pláisteacha grósaeireachta (757,523)

 

Ón chéad Ghlantachán Cósta Idirnáisiúnta i mí Mheán Fómhair 1986 tá 13 milliún oibrí deonach i ndiaidh breis agus 100,000 tonna de bhruscar a thógáil ó thránna agus ó uiscebhealaí.

 

Gach bliain, téann na milliúin tonna de bhruscar mara isteach sna farraigí agus sna haigéin, rud a chruthaíonn dúshláin timpeallachta, eacnamaíochta, sláinte agus aeistéitice.   Tá Cóstaí Glana ag tabhairt cuireadh d’oibrithe deonacha a bheith páirteach sa ghlantachán domhanda cósta seo, agus cuidiú le bruscar mara a thabhairt ar shiúl ón chósta álainn atá againn agus, ar an dóigh sin, cosaint a thabhairt do ghnáthóga cósta agus do dhúlra na mara.

 

Le linn an Ghlantacháin Mhóir Trá, iarrtar ar oibrithe deonacha na gCóstaí Glana suirbhéanna bruscar mara a dhéanamh le líonmhaireacht an bhruscair a mheas agus le cineálacha an bhruscair a aithint, ar thránna na hÉireann.  Tá de sprioc ag na suirbhéanna seo feasacht a ardú maidir le ceist an bhruscair mhara, agus le méid na faidhbe a mheas.

 

I mbliana, tá Cóstaí Glana i ndiaidh dul i gcomhpháirt le Coca Cola agus Centra leis an scéala a scaipeadh maidir leis an Ghlantachán Mór Trá agus le gníomh a dhéanamh ó thaobh an cósta s'againne a ghlanadh. Seo an togra is uaillmhianaí i dtaca le hobair dheonach atá beartaithe ag Coca-Cola go dtí seo. Beidh na céadta fostaí ar fud oileán na hÉireann ag glacadh páirte sa Ghlantachán Mór Trá Dé hAoine 14 Meán Fómhair.

 

Beidh oibrithe Coca-Cola atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Béal an Átha, Loch Gorman, Droichead Átha, Lios na gCearrbhach, Corcaigh agus Tuam ag glacadh páirte sa Ghlantachán Mór Trá, agus táthar ag dréim go mbeidh breis agus 300 den 1,600 fostaí atá acu amuigh chun tacú leis an ghluaiseacht chun bruscar a ghlanadh ónár gcuid tránna. Tá trí thogra mhóra beartaithe do Inis Crabhann, Contae Mhaigh Eo, Trá na Beannaí, Co. Chiarraí agus Port an Bhogaigh, Co. An Dúin, faoi cheannas na laochra cósta Kian Egan, ceoltóir, Colin Murphy, fear grinn, agus Anouska, duine i mbéal an phobail.

 

Tá Cóstaí Glana ag dul i gcomhpháirtíocht fosta le stóranna Centra, atá lonnaithe ag croílár na bpobal cósta, chun a gcuid custaiméirí a spreagadh le páirt a ghlacadh sa Ghlantachán Mór Trá. Beidh seasca is a cúig siopa Centra ar fud Phoblacht na hÉireann ag cur chun cinn an Glantachán Mór Trá in 2018, agus beidh na daoine sin a chláróidh don ghlantachán in ann a gcuid trealamh glantacháin a phiocadh suas sa siopa áitiúil.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO