Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fógra ón tSeirbhís Dóiteáin

31 Márta 20 - Achainí déanta ag Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal

 

Donegal Fire Service 379x269

 

 

Tá Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall ag leanúint léi ag freagairt iarratais ar chuidiú mar is gnáth in ainneoin na gcúinsí dúshlánacha atá roimh an tír faoi láthair de bharr phaindéim COVID-19.

 

 

Tá sé an-tábhachtach go mbeidh ár gcuid briogáidí dóiteáin ar fáil agus in ann freastal ar eachtraí láithreach bonn, go háirithe nuair atá baol báis ann nó baol d’fhoirgnimh.  Má bhíonn tinte móra aitinn ann, mar a tharla in Anagaire le linn na Cásca anuraidh, cuireann sin go mór isteach ar ár gcumas freagairt d’eachtraí eile, agus dá bharr sin, cuirtear beatha daoine agus foirgnimh i mbaol.

 

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith faichilleach agus gan a bheith ag lasadh tinte lasmuigh, ag dumpáil luaithreach te nó rud ar bith mar sin a d’fhéadfadh tús a chur le tinte sléibhe. Is féidir leis na tinte sléibhe seo leathnú agus spré amach go gasta in áiteanna a bhfuil aiteann, fraoch agus fásra.

 

 

Gorse Fires Donegal 379x269

 

 

Táthar ag iarraidh ar úinéirí talún agus ar bhaill den phobal a bheith airdeallach agus fios a chur láithreach bonn ar an tSeirbhís Dóiteáin, trí scairt a chur ar 999 nó 112, maidir le haon tine gan smacht gan chúram.

Sa chás go gcaithfidh briogáidí dár gcuid dul amach chuig tinte aitinn agus a leithéid, gearrfar an costas iomlán ar an úinéir talún.

 

 

Moltar do shealbhóirí tí agus d’úinéirí foirgnimh fosta, i gceantracha ina mbíonn baol tine fíáine, aon phandlaí nó a leithéid a thabhairt ar shiúl nó a ghearradh siar má tá sé cóngarach don teach, don fhoirgneamh nó don umar ola, le tinte fiáine a stopadh ó bheith ag déanamh dochair dá gcuid sealúchas.

 

 

Chomh maith leis sin, cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall i gcuimhne d'úinéirí talún agus do bhaill den phobal gur coir é aon fhásra atá ag fás ar thalamh nach bhfuil saothraithe idir 1 Márta agus 31 Lúnasa, in aon bhliain, a ghearradh, a ghrafadh, a dhó nó a scriosadh ar aon bhealach eile, de réir an Achta Fiadhúlra 1976 agus An Achta Fiadhúlra 2000 (arna leasú).

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO