Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Fógra faoi MICA

Scéim Athchóirithe MICA

Scéim Athchóirithe MICA

(18 Iúil 2019)

 

 

Tá fáilte curtha roimh chinneadh an Rialtais scéim athchóirithe a bhunú fá choinne tithe príobháideacha a bhfuil MICA ag cur as dóibh. Tá a fhios againn ó rinneadh an fhógairt go bhfuil úinéirí tí ag déanamh teagmhála le Comhairle Contae Dhún na nGall chun eolas a fháil faoin scéim deontais atá beartaithe agus lena fháil amach cén uair is féidir iarrtais a dhéanamh chuig an Chomhairle faoin scéim.

 

Agus cúrsaí mar atá, bhí roinnt cruinnithe ag oifigigh de chuid na Comhairle le hoifigigh sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Tá curtha in iúl ag an Roinn go bhfuil sonraí na scéime á bhforbairt faoi láthair, chomh maith le rialacháin chumasúcháin i gcomhar leis an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe, a mbeidh cead an Rialtais de dhíth fána gcoinne. Táthar ag dréim go mbeidh an scéim oscailte chun glacadh le hiarratais san fhómhar.  

 

Tá an Chomhairle ag leanúint a bheith i dteagmháil leis an Roinn de réir mar is gá chun ullmhú leis na socruithe a chur i bhfeidhm sa dóigh is gur féidir tús a chur leis an scéim chomh luath agus is féidir, le go mbeidh úinéirí tí lena mbaineann seo in ann tús a chur le hoibreacha athchóirithe.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO