Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Féile Bealtaine

Féile Bealtaine ar na bacáin

 

Beidh breis agus 170 imeacht ar siúl le daoine a mhealladh chuig an 19ú Féile Bealtaine i mbliana, a bheas ar siúl le linn mhí na Bealtaine.

 

 

 

Is é atá i gceist le Bealtaine 2016 arís eile ná an chruthaitheacht a cheiliúradh, agus beidh imeachtaí ar siúl ar fud Chontae Dhún na nGall i leabharlanna, in Ionaid Taobh Tíre, in ionaid ealaíne agus phobail, in otharlanna pobail agus in ionaid chúram lae.

 

 

 

Tá téama trí bliana ar bun ag an Fhéile, is é sin scrúdú a dhéanamh ar an Náisiúntacht  agus Saoránacht, agus táthar ag díriú go sonrach ar na chéad ghlúnta de shaoránaigh a bhí beo faoi scáth an Stáit úir, agus leanfar leis an téama sin i mbliana. Déanfar machnamh fosta, le linn na féile, ar an staid ina bhfuil muid go cultúrtha, mar náisiún atá ag teacht i méadaíocht agus mar phobal.

 

 

 

Is iad an tIonad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn, Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall agus go leor eagraíochtaí comhpháirtíochta atá ag reáchtáil na féile.

 

Tá Bealtaine 2016 i gContae Dhún na nGall mar chuid de cheiliúradh ar fud na tíre ar an chruthaitheacht i measc daoine níos sine.  Déanann Aostacht agus Deiseanna na himeachtaí a chomhordú go náisiúnta. Ina measc seo tá na healaíona ar nós ceoil agus damhsa, léachtaí staire, cniotáil agus cróiseáil, pictiúrlann agus ranganna ealaíne, ag mealladh daoine níos sine mar thaibheoirí mar lucht freastail agus mar lucht eagraithe imeachtaí.

 

 

 

Seolfar an 19ú Féile Bealtaine san Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn Dé Máirt 3 Bealtaine ar 11.00am.  Is é an Clr. Ciarán Ó Brógáin, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún na nGall a sheolfaidh an fhéile, agus beidh Gráinne Haines ó Éire Ghníomhach ag caint ina dhiaidh.  Fergus Cleary agus Virgil Quinn a chuirfidh siamsaíocht ar fáil.  Is é an tIonad Eolais Eorpach, An Lárleabharlann, Leitir Ceanainn, atá ag déanamh urraíochta ar an seoladh.  Beidh sólaistí ar fáil agus fáilte roimh gach duine.

 

 

 

Fá choinne tuilleadh eolais faoin imeacht seo agus imeachtaí eile de chuid Bealtaine i leabharlanna agus in ionaid Taobh Tíre déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, mar ar féidir leat clár a fháil, nó is féidir ceann a íoslódáil ar  www.donegallibrary.ie.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO