Táthar a mhaíomh gur éirigh thar barr le Maratón Dhún na nGall 2014, an chéad mharatón i nDún na nGall le breis agus 30 bliain.
Ghlac 850 reathaí agus siúlóir páirt san imeacht a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn.
Agus de bharr gur éirigh chomh maith sin leis an rás tá sé i gceist ag an lucht eagraithe é a reáchtáil an bhliain seo chugainn arís.
Le hamharc ar fhíseáin ón Mharatón, cliceáil anseo - https://www.youtube.com/watch?v=oGdqI_A_nmg (a bhuí le DonegalTV as na píosaí scannánaíochta)