Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Duncan Stewart

Duncan Stewart Comhshaolaí le freastal ar Chomhdháil SECURE

 

Duncan Stewart a bheidh ag tabhairt aoiléachta le linn Chomhdháil SECURE an tseachtain seo chugainn  

Beidh Duncan Stewart, comhshaolaí, ailtire agus pearsa iomráiteach meán cumarsáide, ag tabhairt cuairte ar Dhún na nGall an tseachtain seo chugainn don chomhdháil seolta SECURE in Ionad Cuairteoirí Ghleann Bheithe ar thailte áille Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheithe. Beidh an chomhdháil, a bheás á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, ar siúl ar an Chéadaoin an 9ú Samhain agus díreofar ar conas is féidir linn pobail chliste fuinnimh a chothú tríd an éifeachtúlacht fuinnimh agus réitigh fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn. Tá an chomhdháil á reáchtáil le tionscnamh SECURE a sheoladh go hoifigiúil, atá faoi cheannas ERNACT agus arna pháirtchistiú ag Clár an Imill Thuaidh agus Artach (NPA). Tá sé mar chuspóir ag an chlár staidéar a dhéanamh ar réitigh nua, agus iad a aistriú agus a thriail, leis an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú mar aon le húsáid acmhainní in-athnuaite sa tithíocht, san fhoirgníocht agus san infreastruchtúr poiblí sna réigiúin chomhpháirteacha. Ar na réigiúin sin tá Dún na nGall, Doire, an Sráth Bán, an Fhionnlainn, an tSualainn, Ceanada agus Oileáin Fharó.  

 

"Tá an-áthas go deo orainn go mbeidh leithéid Duncan Stewart ag caint ag an chomhdháiil seo. Tá Duncan ar thús cadhnaíochta i gcúis an chomhshaoil in Éirinn le blianta anuas agus is mór an spreagadh é an paisean agus an tiomantas atá aige a chur ina luí ar dhaoine cad é atá ag tarlú sa chomhshaol againn. Caithfimid uilig ár gcuid a dhéanamh, smaoineamh as an nua agus a fháil amach cad is féidir linn a dhéanamh trí bheith ag obair níos cliste agus le chéile lenár lorg carbóin a laghdú agus ár n-áiseanna a dhéanamh níos éifeachtúla” arsa Paddy Mullen, Bainisteoir Áiseanna Chomhairle Contae Dhún na nGall. Beidh rannpháirtithe ag an Chomhdháil an tseachtain seo chugainn ar cuairt ar Dhún na nGall ó gach ceann de na réigiúin rannpháirteacha agus dar le Paddy Mullen tá leas mór le baint ag an chontae as a leithéid seo de thionscnamh trasnáisiúnta. "Tá deis iontach againn smaointe, taithí agus foghlaim a roinntle réigiúin eile a bhfuil tréithe acu atá cosúil le Dún na nGall. Mar shampla is réigiúin tuaithe iad cuid mhór de na réigiúin seo le daonra scaipthe thar achar forleathan talaimh agus tá lear acmhainní nádúrtha acu a éascaíonn réitigh fuinnimh in-athnuaite atá éifeachtúil agus nuálach". 

 

Tá cuspóirí uaillmhianacha le baint amach ag tionscnamh SECURE. Bunóidh gach réigiún Pobal Cliste Fuinnimh i sráidbhaile, i gceantar tuaithe nó i gcomharsanacht agus déanfar clár gníomhaíochtaí sna pobail seo le saoránaigh a chumasú le bheith ina gceannairí fuinnimh. Beidh an clár ag iarraidh fosta tógáil ar an saineolas san údarás áitiúil agus déanfar seo trí 15 réiteach fuinnimh a aistriú, a fheabhsóidh an éifeachtúlacht fuinnimh faoi 5% i 3 fhoirgneamh poiblí ar a laghad agus imréitigh fuinnimh mhalartaigh nó in-athnuaite a chur isteach san infreastruchtúr poiblí. Ar na cainteoirí eile ar an chomhdháil, beidh Caitríona Strain ó Ernact, Michael O'Brien ón Tionól Réigiúnach Thuaidh-Thiar, Emma Norton ón Ecology Action Centre i gCeanada, Ruth Buggie ón Údarás Fuinnimh In-Athnuaite in Éirinn, Donal Doyle ó RPS Group Plc agus Mary Daly ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Beidh an chomhdháil ar siúl idir 9.30rn agus 2in Dé Céadaoin an 9ú Samhain in Ionad Cuairteoirí Ghleann Bheithe agus tá saorchead isteach ach is riachtanach áirithint a dhéanamh. Cuir áit in áirithe trí rphost a chur chuig [email protected]  Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoi Chlár na Comhdhála.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO