Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall a chur in iúl go mbeidh oibreacha ar siúl chun lintéir úra a chur isteach ag Tír Challan (Acomhal Shrath an Urláir – Chill Ros) ar an N13, agus le linn na n-oibreacha sin go mbeidh an bóthar druidte ó 7pm Dé hAoine 2 Feabhra 2018 go dtí 7am Dé Luain 5 Feabhra 2018, agus ó 7pm Dé hAoine 9 Feabhra 2018 go dtí 7am Dé Luain 12 Feabhra 2018.
Seo a leanas na malairtí slí a bheas i bhfeidhm fad agus a bheas an bóthar druidte:
Fá choinne príomh-thrácht agus HGVanna is í an mhalairt slí atá ann ná Leitir Ceanainn (N14/N13 – Timpeallán an Stua) – Leifear (N14) – Bealach Féich (N15).
Fá choinne trácht áitiúil: Cill Ros (N13) – Conmhaigh (R236) – Caisleán na Finne – Bealach Féich (N15)
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall buartha as aon chur isteach mar gheall ar na hoibreacha seo, agus gabhaimid buíochas le gach úsáideoir bóthair roimh ré as a gcomhoibriú fad agus a bheas an bóthar seo druidte.