Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Deontais Oidhreachta €300,000

€300,000 faighte le haghaidh oidhreacht thógtha Dhún na nGall

 

Buncrana Castle 379x269

Caisleán Bhun Cranncha ar bronnadh €17,000 air, faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil 2019, le haghaidh oibreacha ar an díon. Tá Caisleán Bhun Cranncha ar cheann de na tithe luaithe is tábhachtaí agus is iontaí i nDún na nGall. Tá sé suite ar an bhealach isteach chuig Páirc Swan i mBun Cranncha.

 

 

€300,000 faighte le haghaidh oidhreacht thógtha Dhún na nGall 

 

Tá sé ina thús bliana den chéad scoth d’oidhreacht thógtha Dhún na nGall de bharr €300,000 a bheith bronnta faoi thrí cinn de chistí, mar atá ciste na Comhairle Oidhreachta,  An Ciste le haghaidh Struchtúir Stairiúla na Gaeltachta (CSSG) agus an Scéim Infheistíochta in Oidhreacht Thógtha, atá á riar ag Comhairle Contae Dhún na nGall.  

 

I mí na Feabhra, fógraíodh go raibh sé i gceist Lána na hEaglaise i gCeathrú Ardeaglaise Leitir Ceanainn a athrú ó bhonn le hinfheistíocht de €200,000 ón Chomhairle Oidhreachta mar chuid de thionscnamh athnuachana oidhreachta. Le seachtain anuas, tá fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus na Gaeltachta, Josepha Madigan TD, go mbainfidh trí cinn déag de thograí oidhreachta ar fud an chontae tairbhe as €92,000 faoi Chiste Struchtúir Stairiúla na bliana seo agus faoin Scéim Infheistíochta in Oidhreacht Thógtha, a bheas á riar ag Comhairle Contae Dhún na nGall.  

 

Agus í ag caint an tseachtain seo caite is é a dúirt an tAire Madigan: “Tá lúcháir orm na deontais seo a fhógairt, deontais a thacóidh le húinéirí agus le caomhnóirí na hoidhreachta tógtha stairiúla atá againn. Tá an oidhreacht thógtha ag croílár stairiúil na bpobal s’againne. Tugann sí cosaint don am atá thart agus, nuair a thugtar cúram di, tugann sí inspioráid don am atá le theacht.  Déanann an infheistíocht seo sna foirgnimh oidhreachta maitheas do na sealúchais aonaracha iad féin, agus cuireann sí borradh faoi na pobail áitiúla, agus tacaíonn sí le poist sna scileanna traidisiúnta tógála, sa chaomhantas agus sa turasóireacht. Cuireann sí le bród an phobail agus na ndaoine, agus cuireann sí beocht sa tsochaí tríd an seansaol a athnuachan. Beidh ról tábhachtach ag infheistíocht an lae inniu chun cuidiú le pobail na ceantracha ina bhfuil cónaí orthu, agus ina n-oibríonn siad, a athnuachan, agus cinnteoidh sí go gcoinneofar beo beathach sábháilte an chuid thábhachtach seo dár n-oidhreacht chultúrtha, mar oidhreacht ón ghlúin seo go dtí an ghlúin atá le theacht”.

 

 

Leitir Corn Mill 379x269

Fuair Muileann Coirce Leitir, Cill Chartha, maoiniú ón Scéim Infheistíochta in Oidhreacht chun fuinneoga a athchóiriú, agus tá sé de chuspóir ag an ghrúpa pobail  Muileann Coirce Leitir Teoranta an foirgneamh a chur ag obair go hiomlán san am atá le theacht.

 

Cuideoidh an maoiniú le húinéirí agus caomhnóirí na struchtúr stairiúil faoi chosaint agus iad i mbun tograí beaga dlúthshaothair chun ár n-oidhreacht thógtha stairiúil a chóiriú agus a chaomhnú.  

 

Creideann Colette Beattie, an tOifigeach Caomhantais le Comhairle Contae Dhún na nGall, go dtacóidh na tograí seo go mór le poist áitiúla in earnáil an chaomhnaithe, scileanna traidisiúnta agus na tógála agus dúirt sí: “Beidh meascán maith agus réimse leathan de thograí caomhnaithe ar fud an chontae a rachaidh chun sochair na hoidhreachta i nDún na nGall, agus beidh an maoiniú seo ina chuidiú mór riachtanach ag úinéirí agus ag sealbhóirí atá ag tabhairt cúram dá sealúchais oidhreachta. Cuideoidh an maoiniú le hobair chaomhnaithe agus athchóirithe ar go leor struchtúr suimiúil stairiúil amhail muileann, teach solais, bataire, teach cúirte, eaglaisí, beár agus cros ard.”

 

 

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin Scéim Infheistíochta in Oidhreacht Thógtha le haghaidh oibreacha caomhnaithe do na Struchtúir Faoi Chosaint seo a leanas, nó do struchtúir laistigh de Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta: Teach an Dúin Mhóir, An Carraigín (€3,000), Teach an Tearmainn, An Machaire (€5,000), Naomh Iarnáin i mBaile Dhún na nGall (€4,000),  teach sa chearnóg i Ráth Bhoth (€7,000), Eaglais na hÉireann i Srath an Urláir (€4,000), Bataire Gunna Napoléon i Ráth Maoláin (€6,500), Teach Solais an Dúin Riabhaigh (€5,000), Beár Mhannie i gConmhaigh (€9,500), Tábhairne an tSeandúin ar an Chaisleán Rua (€7,500), Seanteach na Cúirte i Leifear (€5,500), agus Muileann Coirce Leitir i gCill Chartha (€3,000).

Tá maoiniú dáilte fosta ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin Chiste um Struchtúir Stairiúla le haghaidh oibreacha riachtanacha athchóirithe agus caomhnaithe ar dhá struchtúr stairiúla i gContae Dhún na nGall: Reilig Mhuire, Fathain (€15,000) agus Caisleán Bhun Cranncha (€17,000).

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO