Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Deontais do Fhoirgnimh Feirme

Scéim Deontais le foirgnimh thraidisiúnta feirme a chaomhnú

Farm Building Grant

Clós feirme gar do Bhaile Suingean.

 

Tá maoiniú ar fáil le haghaidh chaomhnú foirgneamh traidisiúnta feirme i gContae Dhún na nGall chomh maith le déanmhais ghaolmhara eile.  Is ón Chomhairle Oidhreachta i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia faoin Scéim Deontais fá choinne Foirgneamh Traidisiúnta Feirme atá an maoiniú ar fáil.   Cuirfear an maoiniú ar fáil d’fheirmeoirí ar fud na tíre, faoin Scéim Ghlas do Thimpeallacht na Talmhaíochta ar Bheagán Carbóin, (GLAS), le cinntiú go gcaomhnaítear foirgnimh thraidisiúnta feirme, agus déanmhais eile, a chuireann le dealramh an tírdhreacha agus a bhfuil luach maith oidhreachta orthu, fá choinne obair thalmhaíochta.  Is é an dáta deireanach fá choinne iarratas a dhéanamh ar an scéim deontais ná an Mháirt, 19 Feabhra, 2019.

 

“Ó 2009, tá infheistíocht déanta ag an scéim i gcaomhnú breis agus 250 foirgneamh traidisiúnta feirme, rud a chuireann go mór le leasú tuath na hÉireann” arsa Anna Meenan, Bainisteoir Tionscadala leis an Chomhairle Oidhreachta.  Bíonn ról dearfach ag na foirgnimh a roghnaítear ar radharc ár dtíre.  Tugann siad fianaise dár gcaidreamh buanseasmhach leis an talamh, agus tá siad mar pháirt dár bhféiniúlacht.  Dá gcaillfimis na foirgnimh éagsúla iontacha

 

seo, is leadranaí fós a bheas ár dtír. Gríosaíonn muid go mór agus cuidíonn muid leis na feirmeoirí cuid de na leasuithe, ar a laghad, a dhéanamh ar a gconlán féin. Cuidíonn an cur chuige seo le go mbíonn eolas praiticiúil ag na feirmeoirí chun leanstan le leasuithe na bhfoirgneamh agus déanmhais eile ar an fheirm go ceann i bhfad sa todhchaí.  Lena chois sin, soláthraíonn sé cumas fostaíochta i gceantair thuaithe do chonraitheoirí áitiúla, cuid mhaith díobh a raibh an deis acu scileanna breise a fhoghlaim de bharr na scéime agus cuireann sin le hinfhaighteacht na scileanna ceardaíochta sa cheantar áitiúil.”

 

Is é aidhm Scéim Deontais na bhfoirgneamh Traidisiúnta Feirme ná, foirgnimh feirme, díonta, ballaí, leasuithe struchtúrtha, fuinneoga agus doirse san áireamh, a chaomhnú.  Beidh deontais ar fáil freisin do dhéanmhais ghaolmhara, mar atá, dromchla clós stairiúil agus tírdhreach gnéithe thart timpeall chlós na feirme, ar nós, ballaí, geataí agus piléir gheataí. Le bheith inghlactha don scéim ní mór do na foirgnimh agus na déanmhais ghaolmhara eile oidhreacht ailtreachta, nó saintréithe oidhreachta ailtreachta a bheith acu le go gcuireann siad leis an tírdhreach. 

 

“Bhí ról tábhachtach i gcónaí ag feirmeoirí mar chaomhnóirí dár dtírdhreach tuaithe” arsa Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.  “Cé go bhfuil Scéim Deontais na bhfoirgneamh traidisiúnta feirme ard-iomaíoch, bhain roinnt foirgnimh feirme i gContae Dhún na nGall tairbhe as an scéim, le blianta beaga anuas.  Chomh maith le haidhmeanna GLAS a bhaint amach, ligtear do Scéim Deontais na bhfoirgneamh traidisiúnta feirme chun cloí lena mbaint le gníomhaíochtaí talmhaíochta.  Cuidíonn sin le gnéithe dár n-Oidhreacht Tuaithe Tógtha a chaomhnú, rud atá tábhachtach do shaintréithe tírdreach tuaithe, a thugann léargas slíte beatha tuaithe agus stair na háite do chuairteoirí agus don phobal áitiúil araon.”  Tá éagsúlacht d’fhoirgnimh thraidisiúnta feirme bainte le háitribh feirme Chontae Dhún na nGall – agus tá an chuid is mó acu inghlactha faoi Scéim Deontais na bhfoirgneamh Traidisiúnta Feirme.  Tá eagar feirmeacha móra in oirthear na tíre. Is féidir an t-eagar d’fhoirgnimh feirme a aimsiú, iad tógtha thart timpeall cúirte ach ó thaobh na bhfeirmeacha beaga de, in iarthar na tíre, is cosúil go dtógfaí cróite, diaidh ar ndiaidh, in aice an teach feirme, feadh a fhad-aise ag cruthú áitrimh feirme sínithe nó thiocfadh leo a bheith scoite thall agus abhus thart timpeall ar an teach feirme.

 

 

Tá Scéim Deontais na bhfoirgneamh Traidisiúnta Feirme ar fáil d’fheirmeoirí (i) a bhfuil conradh GLAS acu leis an Roinn Talmhaíochta, a bhfuil sé de chead acu bheith páirteach sa scéim GLAS agus (ii) gur leo an foirgneamh nó déanmhais ghaolmhara eile a bhfuil maoiniú á iarraidh fána choinne nó tá siad ag obair ar son an úinéara.   Clúdóidh an deontas suas go dtí 75% de chostas na hoibre. Is é an deontas is lú atá ann ná €4,000 agus is é an méid is mó a bheas ar fáil ná €25,000.  Measann an Chomhairle Oidhreachta go dtacófar le thart fá 50-70 tionscadal ar fud na tíre in 2019.  Ní mór d’iarratais chomhlíonta fá choinne Scéim Deontais na bhfoirgneamh Traidisiúnta Feirme a bheith curtha go díreach sa phost chuig An Chomhairle Oidhreachta i gCill Chainnigh, le bheith ann Dé Máirt, 19 Feabhra, 2019, ar a dhéanaí.  Tá tuilleadh sonraí agus foirmeacha iarratais ar fáil ón Chomhairle Oidhreachta i gCill Cheannaigh ar, (056) 777 0777.  Is féidir foirmeacha iarratais a íoslodáil chomh maith ó shuíomh idirlín na Comhairle Oidhreachta ag: www.heritagecouncil.ie

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO