Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Deireadh Seachtain Fiontraíochta

Imeachtaí Spreagúla socraithe le deireadh a chur le Seachtain ghnóthach Fiontair Áitiúil

Anna GearyMarie Louise Muir

Anna Ní Ghadhra agus Marie-Louise de Múra a bheas ag labhairt ar an lá deireanach de Sheachtain Fiontair Áitiúil Dé hAoine.

 

Tá an réalta teilifíse agus iar-Chaptaen Camógaíochta a bhain Craobh Uile-Éireann, Anna Ní Ghadhra, i measc slua de chainteoirí iontacha mná atá aimsithe le cuidiú le clabhsúr a chur le Seachtain Fiontair Áitiúil na bliana seo Dé hAoine – Lá Idirnáisiúnta na mBan.

 

An bhean óg de bhunadh Chorcaí a chroch léi 20 bonn Uile-Éireann, éacht dochreidte, le linn a gairme mar bhean spóirt, atá anois ina Cóitseálaí ar an Teaghlach is Aclaí in Éirinn le RTÉ a hAon agus is ise an cóitseálaí a bhain an comórtas in 2016 agus 2018 araon.

 

Tá Anna ina Feidhmeannach agus ina Cóitseálaí Saoil cáilithe agus aird faoi leith aici ar an réimse Imeartha, agus suim ar leith aici fosta i réimsí na Ceannaireachta agus an Spreagtha.  Ina cuideachta ag ócáid na hAoine sa Villa Rose beidh iar-Réalta Rugbaí na hÉireann, Tommy Ó Buaigh agus Captaen Peile Dhún na nGall, Micheál Ó Murchú.

 

Léirigh fear Ghleann tSúilí a shárchumas i scileanna ceannaireachta arís go díreach an deireadh seachtaine seo caite nuair a threoraigh sé Dún na nGall chun bua sa tSraith Náisiúnta agus níos luaithe an tseachtain seo d’éirigh leis an fhoireann ban faoina chúram, mná ITLC, cáiliú do chluiche ceannais Chorn Uí Mhuíneacháin – go díreach sna sála ar an rath a bhí ar fhoireann na bhfear le ITLC i gCorn Trinse.  

 

Beidh gach duine den triúr réaltaí spóirt chlúiteacha sin le feiceáil ar an ardán sa Villa Rose Dé hAoine le ceachtanna ceannaireachta don ghnó ón spórt a phlé ar ócáid a mbeidh an craoltóir iomráiteach spóirt, Adrian Ó Lógáin, ina chathaoirleach uirthi.

 

Is é lainseáil “Dún na nGall – Muidne a Chruthaíonn” an t-imeacht deiridh a bheas ar an tSeachtain ghnóthach Fiontair Áitiúil, agus beidh Marie-Louise de Múra ann ó BBC Raidió Uladh leis sin a chur i láthair i dTeach Chnoc na Carraige oíche Aoine.

 

Tá an láithreoir raidió seo a bhfuil duaiseanna buaite aici mar dhuine de phríomhchraoltóirí Ealaíne an RA agus na hÉireann agus ó bhí 2004 ann is ise a láithrigh “Seó na nEalaíon” ar BBC Raidió Uladh agus ar theilifís BBC Thuaisceart Éireann.

 

Labharfaidh Marie-Louise le hocht gcinn de ghnólachtaí cruthaitheacha i nDún na nGall a bhfuil a scéal le feiceáil sa leabhar agus sa scannán, “Dún na nGall – Muidne a Chruthaíonn”

 

I measc na ngnólachtaí sin tá Karen Ní Chatháin ó KoKo Designs i Ráth Mealtain, Sharon Nic Dhaibhéid ó Ghailearaí na Beithe Gile i gCarn Domhnach, Jessica Ní Dhuibhne as Zona Dance Co. i Leitir Ceanainn, na deirfiúracha Nig Congail ó Ghloine Mhig Congail i mBaile Dhún na nGall, Caitlín Nic Gabhann as Gaoth Dobhair agus Lynn Ní Coisteala Arascain ó an Piorra i bPáipéar i mBaile Dhún na nGall, le taobh Paul mac Mathúna ón Phicteilín Meirgeach i Leitir Ceanainn agus Tomas mac Lochlainn ó Tádáias i Mainéar Uí Chuinneagain.

 

“Léiríonn na scéalta sa scannán agus sa leabhar, go soiléir gurb é an tsamhlaíocht agus an paisean chomh maith leis an bhuanseasmhacht atá i gcroílár an ratha dáiríre i ngach cás, agus le linn na cainte ar maidin Dé hAoine cuirfear in iúl go láidir cad é chomh fíor is atá sé sin do gach gnó – cibé cé acu is gnólacht cruthaitheach é nó cineál ar bith eile.

 

Insíodh scéalta ratha eile den chineál chéanna i rith na seachtaine agus tá an dá imeacht Dé hAoine an-fhóirsteanach agus is slí an-dearfach iad le críoch a chur le Seachtain Fiontair Áitiúil eile a bhí an-ghnóthach agus tairbheach,” arsa Michael Ó Tonnaigh, Ceannaire ar Fhiontair i nDún na nGall,.

 

Tá líon an-bheag áiteanna go fóill ar fáil don dá ócáid Dé hAoine. Chun áit a chur in áirithe, cuir glaoch ar an Oifig Fiontair Áitiúil ar 0749160735 nó logáil isteach ar– www.localenterprise.ie/donegal

 

Faigheann Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall tacaíocht trí chómhaoiniú ó Rialtas na hÉireann agus ó Chiste Forbraíocht Réigiúnach na hEorpa 2014 – 2020.

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO