Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Cruinniú Póilíneachta

Cuireadh roimh an Phobal chuig cruinniú póilíneachta

 

Is féidir le baill den phobal dul chuig cruinniú de chuid Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall Dé Máirt 25 Meán Fómhair in Óstán an Abbey i mBaile Dhún na nGall.

 

Creideann an Clr. Gerry McMonagle, Cathaoirleach ar an Chomhchoiste Póilíneachta gur deis atá ann go bhaill an phobail a bheith i dteagmháil le baill den choiste agus ceisteanna a chur maidir le sábháilteacht an phobail.

 

“Is féidir leis an phobal aighneachtaí agus tuairimí a thabhairt isteach roimh an chruinniú agus ceisteanna a chur maidir le coiriúlacht agus sábháilteacht ina gceantracha féin’ a dúirt an Clr. McMonagle.

 

Tagann na hionadaithe ar Chomhchoiste Póilíneachta Dhún na nGall ó An Garda Síochána, Comhairle Contae Dhún na nGall, Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Dhún na nGall, ionadaithe áitiúla den Oireachtas, agus is é atá sa Chomhchoiste fóram le tuilleadh comhordaithe agus tuilleadh comhoibrithe a éascú i nDún na nGall maidir le ceisteanna sábháilteacht pobail.

 

Tá Plean Póilíneachta Dhún na nGall 2019 á ullmhú chomh maith agus tá aighneachtaí agus tuairimí á lorg faoi na ceannteidil seo a leanas:

 

  • Rannpháirtíocht an Phobail agus Sábháilteacht an Phobail
  • Ag dul i ngleic le Coiriúlacht
  • Póilíneacht Bóithre
  • Slándáil Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
  • Forbairt Eagraíochtúil agus Feabhsú Cumais

 

“Tá an cruinniú seo iontach tráthúil sa mhéid is go nglacfar ceisteanna a chuirfear ag an chruinniú phoiblí seo san áireamh i bPlean Póilíneachta Dhún na nGall 2019 agus beidh deis ag baill den choiste, ar a n-áirítear An Gard Síochána, comhairleoirí contae Dhún na nGall, agus ionadaithe Pobail agus Deonacha a chluinstin ar an láthair faoi na príomhcheisteanna atá ag cur as do na pobail agus faoin dóigh a dtig linn comhoibriú lena chéile chun buairimh an phobail a mhaolú agus dul i ngleic leis na ceisteanna’ arsa an Clr. McMonagle.

 

 

Is féidir aighneachtaí, tuairimí agus ceisteanna a chur isteach roimh ré lena bplé ag an chruinniú phoiblí trí ríomhphost a chur chuig [email protected] nó trí phost chuig: Kathleen Browne, Rannóg Pobail, Comhairle Contae Dhún na nGall, Oileán an Stáisiúin, Leifear, Co. Dhún na nGall F93 X7PK faoi 5pm Dé Máirt, 18 Meán Fómhair 2018.

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO