Donegal County Council Logo
Baile > An Chomhairle > Na Meáin > An Lárcholún > Comhdháil Mheabhairshláinte

An Mheabhairshláinte agus an bóthar chun bisigh á scrúdú ag Comhdháil Ceangal chun Beatha

Mental Health Connecting in Donegal

An Mheabhairshláinte agus an bóthar chun bisigh á scrúdú ag Comhdháil Ceangal chun Beatha

 

Ar chúl ó chlé Oonagh McArdle, OÉ Mhaigh Nuad, Peter Walker FSS, Eamon McGee Iar-Imreoir Peile le Dún na nGall, Liam Ward CCDnG,  Mairead Cranley CCDnG, Paul Kernan An tArdán Idirchultúrtha, Chun tosaigh ó chlé Mary Coyle Ionad Naomh Pádraig, Cindy O’Connor Teach Pieta, An Cathaoirleach An Clr Gerry McMonagle CCDnG, Anne Sheridan FSS agus Theresa Dykes Seirbhísí Meabhairshláinte FSS in CHO1

 

D’fhreastal breis agus 80 duine ar chomhdháil Ceangal chun Beatha na bliana seo i nDún na nGall, a reáchtáladh in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Dé hAoine seo caite.

 

Bhí ionadaithe i láthair ó eagraíochtaí Sláinte, Oideachais agus Pobail agus Deonacha ar suim leo an féinmharú a chosc, nó atá bainte leis an obair sin, agus is é cuspóir na comhdhála na deachleachtais a chomhroinnt agus nascanna a thógáil ina measc siúd atá ag obair leis an fhéinmharú a stad.

 

Agus é ag caint leis an ócáid a oscailt labhair an Cathaoirleach, an Clr Gerry McMonagle ar an an cheist an-leochaileach, an-tragóideach seo, an féinmharú sa tsochaí agus an gá atá le comhoibriú sa réimse seo.

 

“Sa domhain a bhfuil muid beo ann inniu, ina mbíonn an oiread sin deacrachtaí agus dúshláin ag daoine, tá sé doiligh smaointiú ar aon duine nach raibh tionchar ag an fhéinmharú ná ag ceisteanna meabhairshláinte ar a saol’. Anois, níos mó ná riamh, caithfidh muid an tábhacht agus an luach atá le pobal, le spiorad pobail agus le comhoibriú chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo. Tá dualgas orainne, mar údarás áitiúil, cuidiú le daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu agus díriú ar thacaíocht a chur ar fáil do dhaoine atá go mór faoi bhrú, bíodh sin tithíocht, cruthú postanna nó an chuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn. Is é an aidhm atá againn anseo inniu daoine a thabhairt le chéile ó earnálacha éagsúla, ó sheirbhísí éagsúla agus ó phobail éagsúla le cur lenár neart mar fhórsa comhoibritheach ar son athruithe a dhéanamh i dtaca le féinmharú a chosc agus a stopadh i nDún na nGall.’   

 

Ghabh Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, a buíochas as comhdháil chomh tábhachtach seo a bheith á reáchtáil in iarthar Dhún na nGall, agus cuireadh tús leis an Chomhdháil le píosa drámaíochta ‘Waving not Drowning’, le Mark McCollum agus a chuid aisteoirí. Thug an léiriúchán seo fíorshampla de na dúshláin éagsúla a bhíonn roimh dhaoine agus iad i ngleic leis an saol.

 

Ina dhiaidh sin, bhí aoichainteoirí ann, ina measc an tIar-Imreoir Contae Éamon Mag Aoidh as Gaoth Dobhair a thug teachtaireachtiontach pearsanta agus mothúchánach lán dóchais fána chuid fadhbanna féin le meabhairshláinte agus an turas chun bisigh a rinne sé.  Thug Anne Sheridan, Oifigeach Acmhainne Féinmharaithe agus Meabhairshláinte le FSS Dhún na nGall, tuairisc chun dáta ar chur chun cinn phlean ghníomhaíochta Cheangal chun Beatha le dhá bhliain anuas, agus thug Cindy O Connor, Príomhbhainisteoir Oibríochtaí, Teach Pieta, cur i láthair ar Pieta an Iarthuaiscirt agus na chéad sé mhí i nDún na nGall.

 

Sa deireadh, chuir Paul Kernan ón Ardán Ilchultúrtha Oonagh McArdle, OÉ Mhaigh Nuad, a bhfuil taighde déanta aici ar a bheith ag obair le fir óga i nDún na nGall, in aithne.  

Ina dhiaidh seo bhí ceardlann ghairid plé ina raibh deis ag grúpaí aiseolas a thabhairt faoin lá  chomh maith le smaointe agus eolas a mhalartú i dtaca leis na seribhísí éagsúla agus ceangail éagsla a thig a dhéanamh i réimse an choisc ar fhéinmharú.

 

Seoladh bróisiúr ilteangach seirbhísí mar chuid den chomhdháil chomh maith.  Cruthaíodh an bróisiúr seo le liosta de na seirbhísí éigeandála a sholáthar i seacht dteanga éagsúla, mar atá, Béarla, Rómáinis, Fraincis, Rúisis, Araibis, Polainnis, agus Sínis.

 

Mar fhocal scoir, thug an Dr. Kevin Malone, Ollamh le Síceolaíocht agus Meabhairshláinte in COBÁC, léargas ar an phictiúr náisiúnta agus áitiúil ó thaobh rátaí féinmharaithe agus mhol sé don lucht freastail cur leis an chomhoibriú agus ceangail níos doimhne a thógáil mar gurb é sin an dóigh is fearr meabhairshláinte dhearfach a chur chun cinn agus na rátaí féinmharaithe a laghdú.

Reáchtáladh an chomhdháil mar chuid de phlean gníomhaíochta Cheangal chun Beatha, plean 5 bliana (2015-2020) leis an fhéinmharú a stopadh, agus a bhfuil cuid mhór eagraíochtaí agus daoine aonaracha páirteach ann idir reachtúil agus neamhreachtúil, pobal agus deonach, agus an pobal i gcoitinne. Tá an plean áitiúil seo mar chuid den straitéis náisiúnta ag Ceangal chun Beatha agus tá leagtha síos mar an sprioc is lú ann laghdú 10% a bhaint amach sa ráta féinmhariaithe in Éirinn roimh 2020.

 

Tugadh cuireadh don lucht freastail ansin teacht chuig an taispeántas ‘Beathaí Caite Caillte’ taispeántas faoi scéalta daoine óga a cailleadh de bharr an fhéinmharaithe in Éirinn, ag An Gailearaí, Áislann Ghaoth Dobhair.

 

 

 

 

Rátáil an leathanach

Déan rogha thíos

Léarscáileanna

Map Portal

  • winterweather Image
  • NWGreenway network icon
  • Donegal Tourism Logo
  • Rennet Image
  • NPPR Logo
  • Donegal Gathering Logo
  • Donegal Diaspora Logo
  • Public Art logo
  • Regional Cultural Centre logo
  • Spaceial logo
  • IrishWater
  • LEO